Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Adeirid‐sean leis, Le Céasar. Annsin adubhairt sé leo, D’á bhrigh sin, tabhraidh do Chéasar na neithe is le Céasar; agus do Dhia na neithe is le Dia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 “Le Caesar,” ar siadsan. Ar seisean leo ansin, “Tugaigí do Chaesar a bhfuil le Caesar, agus tugaigí do Dhia a bhfuil le Dia.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Deir siad leis: De Chaesar. Annsin deir sé leo: Ar an adhbhar sin, tabhairigidh do Chaesar na neithe is le Caesar, agus do Dhia na neithe is le Dia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 A deiridsean ris, Ré Séasar. A deir seasean ríu, an tráthsin, Ar a nadhbharsin tabhuidh do Shéasar na neither is lé Séasar; agus na neither is lé Día do Dhía.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Le Caesar, ar siad. Ansan dubhairt seisean leo: D’á bhrígh sin tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar; agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 “Caesar,” ar siad leis. “Maith go leor,” ar seisean leo, “íocaigí le Caesar na nithe is le Caesar agus le Dia na nithe is le Dia.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 “Céasar,” ar siad leis. “Maith go leor,” ar seisean leo, “íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:21
17 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt sé leo, Cia leis an íomháigh agus an scríbhinn seo?


Agus adubhairt sé leis. Grádhóchaidh tú an Tighearna, do Dhia ód’ chroidhe go h‐iomlán, agus ód’ anam go h‐iomlán, agus ód’ inntinn go h‐iomlán.


agus mé d’adhradh. Annsin adubhairt Íosa leis, Imthigh, a Shátain: óir atá scríobhtha, Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus is dó‐san amháin do, ghéanaidh tú seirbhís.


Agus adubhairt Íosa leo, Tabhraidh do Chéasar na neithe is le Céasar, agus do Dhia na neithe is le Dia. Agus do b’iongnadh mór leo é.


Agus adubhairt sé leo, Tabhraidh do Chéasar na neithe is le Céasar, agus do Dhia na neithe is le Dia.


Agus do thosnuigheadar ar neithibh do chur ’n‐a leith, g‐á rádh, Fuaramar an fear so ag déanamh toirmisc i measc ár gcinidh, agus ag cosc cánach do thabhairt do Chéasar, agus é g‐á rádh gur ab é féin Críost rí.


Acht d’fhreagair Peadar agus Eoin agus adubhradar leo, Breathnuighidh féin cia aca is ceart i bhfiadhnaise Dé, éisteacht libh‐se nó éisteacht le Dia:


Acht d’fhreagair Peadar agus na h‐abstail agus adubhradar, Is mó is cuibhe dhúinn umhlú do Dhia ’ná do dhaoinibh.


Tabhraidh a cheart féin do’n uile dhuine: cáin do’n té d’ar dual cáin; cíos do’n té d’ar dual cíos; ómós do’n té d’ar dual ómós; ónóir do’n té d’ar dual onóir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí