Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, A mháighistir, adubhairt Maois, Dá bhfaghadh duine bás gan sliocht, go bpósfadh a dhearbhráthair a bhean, agus go dtógfadh sé clann d’á dhearbhráthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 agus dúirt siad leis, “A Oide, dúirt Maois, ‘Má fhaigheann fear bás gan clann a bheith aige, caithfidh a dheartháir an bhaintreach a phósadh, agus clann a sholáthar dá dheartháir.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Ag rádh: A mháighistir, dubhairt Maoise: Má gheibh duine bás gan mac, pósadh a dhearbhráthair a bhean, agus tógadh sé sliocht dá dhearbhráthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Ag rádh, A mhaighisdir, a dubhairt Máoisi, Dá bhfagadh aonnduine bás, gan chloinn aige, pósfuidh a dhearbhrathair a bhen do dhligheadh comhfhoguis, agus tóigeabhuidh sé siól dá dhearbhráthair.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 A Mháighistir, dubhairt Maois, Má gheibheann duine bás gan sliocht, pósadh a dhritháir a bhean, ionus go dtógfadh sé sliocht d’á dhritháir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 “A Mháistir,” ar siad, “dúirt Maois: ‘Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 “A Mháistir,” ar siad, “dúirt Maois: ‘Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:24
14 Tagairtí Cros  

Agus do chuireadar chuige a ndeisceabail i n‐éinfheacht le muinntir Ioruaith, g‐á rádh, A mháigistir, atá a fhios againn gur duine fírinneach thú, agus go múineann tú slighe Dé i bhfírinne, agus nach bhfuil beann agat ar aon duine: óir is cuma leat pearsa an duine.


Is amhlaidh do bhí móir‐sheisear dearbhráthar ’n‐ár measc: agus do phós an chéad duine bean, agus fuair sé bás, agus ó’s amhlaidh nach raibh aon chlann aige, d’fhág sé a bhean ag a dhearbhráthair;


A mháighistir, créad í an phríomh‐aithne de’n dlighe?


Ní h‐é gach aoinneach adéarfas liom, A Thighearna, a Thighearna, rachas isteach i ríoghacht na bhflaitheas; acht an té do‐ghní toil m’Atar atá ar neamh.


A Mháighistir, do scríobh Maois dúinn, Dá bhfaghadh dearbhráthair duine bás, agus dá bhfágadh sé bean ’n‐a dhiaidh, agus nach bhfágfadh sé clann, go nglacfadh a dhearbhráthair an bhean, agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhearbhráthair.


g‐á rádh, A Mháighistir, do scríobh Maois dúinn, dá bhfaghadh dearbhráthair duine bás, agus bean phósta aige, agus gan clann aige, go nglacfadh a dhearbhráthair an bhean, agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhearbhráthair.


Ins an aiséirghe, má’s eadh, cia aca dhíobh gur leis an bhean? óir do bhí sí ’n‐a mnaoi ag an móir‐sheisear uile.


Agus cad chuige a nglaodhann sibh orm, A Thighearna, a Thighearna, agus nach ndéanann sibh a n‐abraim libh?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí