Matha 22:24 - An Bíobla Naofa 198124 “A Mháistir,” ar siad, “dúirt Maois: ‘Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.’ Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)24 agus dúirt siad leis, “A Oide, dúirt Maois, ‘Má fhaigheann fear bás gan clann a bheith aige, caithfidh a dheartháir an bhaintreach a phósadh, agus clann a sholáthar dá dheartháir.’ Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara24 Ag rádh: A mháighistir, dubhairt Maoise: Má gheibh duine bás gan mac, pósadh a dhearbhráthair a bhean, agus tógadh sé sliocht dá dhearbhráthair. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)24 agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, A mháighistir, adubhairt Maois, Dá bhfaghadh duine bás gan sliocht, go bpósfadh a dhearbhráthair a bhean, agus go dtógfadh sé clann d’á dhearbhráthair. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)24 Ag rádh, A mhaighisdir, a dubhairt Máoisi, Dá bhfagadh aonnduine bás, gan chloinn aige, pósfuidh a dhearbhrathair a bhen do dhligheadh comhfhoguis, agus tóigeabhuidh sé siól dá dhearbhráthair. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)24 A Mháighistir, dubhairt Maois, Má gheibheann duine bás gan sliocht, pósadh a dhritháir a bhean, ionus go dtógfadh sé sliocht d’á dhritháir. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201224 “A Mháistir,” ar siad, “dúirt Maois: ‘Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.’ Féach an chaibidil |