Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 “Chualathas glór i Rámá caoi agus iomad olagóin: Rachael ag caoineadh a clainne, agus nárbh áil léi sólás a ghlacadh mar nach bhfuil siad ann níos mó.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 “Chualathas an glór i Ráma, ag mairgneach agus ag caoineadh go hard, Rachél ag caoineadh a clainne; agus ag diúltú don sólás, ó nach bhfuil siad ann.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Cluineadh guth i Rama, mairgneach agus árd-ghol: Rachel ag caoineadh a cloinne, agus níorbh áil léi sólás a ghlacadh, siocair gan iad a bheith ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Do‐chualathas guth i Ráma, Gol agus an‐olagón: Ráchél ag caoineadh a clainne, Agus níórbh áil léi sólás do ghlacadh Toisc gan iad bheith ar fagháil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Do chlos gurh a Ráma, cáoí, agus gul, agus úallfurtach romhór, Rachel a cáoineadh a cloinne, agus níor bháil le sólás do ghlacadh, tré nach rabhadar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Do h-airigheadh guth i Ráma, árd-ghol agus iomad ologón, Ráchel ag caoine a clainne, agus ná glacfadh sí sólás toisg gan iad a bheith ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 “Chualathas glór i Ráma caoi agus iomad olagóin: Ráchael ag caoineadh a clainne, agus nárbh áil léi sólás a ghlacadh mar nach bhfuil siad ann ní ba mhó.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:18
12 Tagairtí Cros  

agus d'fhill ar a dheartháireacha agus dúirt: “Tá an buachaill ar iarraidh, agus mise, cá rachaidh mé?”


agus dúirt Iacób, an t‑athair, leo: “Tá mo chlann mhac á bhfuadach uaim agaibh! Tá Iósaef caillte, tá Simeon caillte, agus anois ní foláir libh Biniáimin a bhreith libh; nach orm a thit an crann!”


Ach téadh an duine in éag, agus fanann ina staic; Imíodh an dé as fear, agus cá bhfuil sé?


Is mar seo a deir an Tiarna: Cluineadh guth i Rámá, caoineadh agus gol géar; is í Ráchael í ag caoineadh a clainne mar nach bhfuil siad ann.


Cluinimse an screadaíl a dhéanfadh bean ag druidim le clann, íona na mná a bheireann a céad leanbh; is é screadaíl iníon Shíón é, a croí ina béal aici, a lámha uaithi amach: “Uch, a thrua mise! i gceartlár lucht marfa.”


D'oscail sé é os mo chomhair agus bhí scríbhneoireacht ann ar thosach agus ar chúl, agus is é bhí [scríofa] air “caointe agus tuirimh agus marbhnaí”.


An uair sin a comhlíonadh a ndúradh trí Irimia fáidh:


Agus bhí cách ag gol agus ag mairgneach os a cionn. Ach dúirt sé: “Ná bígí ag gol, óir ní marbh atá sí ach ina codladh.”


Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda neimhe: “Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar thalamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí haingil.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí