Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:30 - An Bíobla Naofa 1981

30 D'fhiafraigh Íosa de: “Cad é an t‑ainm atá ort?” Dúirt sé: “Léigiún” - óir bhí mórán deamhan imithe isteach ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 Dʼfhiafraigh Íosa de ansin, “Cad é an t‑ainm atá ort?” Agus dʼfhreagair sé “Léigiún”; mar bʼiomaí sin deamhan a bhí i ndiaidh dul isteach ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 Agus cheistigh Íosa é, ag rádh: Cad is ainm duit? Agus dubhairt seisean: Léigiún, óir chuaidh mórán deamhan isteach ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus d’fhiafruigh Íosa dhe, Cad is ainm duit? Agus adubhairt seisean, Léigiún; óir do bhí mórán deamhan tar éis dul isteach ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Agus dfiafruidh Iósa dhé, ag rádh, Créd is ainm dhuit? Agus a dubhairt seision, Leighión: do brígh go ndeachádar mórán deamhan a sdeach ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus do cheistigh Íosa é agus dubhairt: Cad é an ainim atá ort? Agus dubhairt seisean: Leigión; mar bhí mórán deamhan tar éis dul isteach ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 Dʼfhiafraigh Íosa de: “Cad é an t-ainm atá ort?” Dúirt sé: “Léigiún”–óir bhí mórán deamhan imithe isteach ann.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:30
7 Tagairtí Cros  

Nó an é is dóigh leat nach féidir dom achainí a dhéanamh ar m'Athair, a chuirfeadh ar fáil dom anois féin níos mó ná dhá léigiún déag aingeal?


Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.


Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?”


Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhain amach.


Agus d'fhiafraigh de: “Cad is ainm duit?” Dúirt sé leis: “Léigiún is ainm dom, óir tá mórán againn ann.”


chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach - a raibh seacht ndeamhain imithe aisti -


Óir bhí Íosa á ordú don spiorad míghlan dul amach as an duine. Óir is iomaí uair roimhe sin a rug sé go foréigneach air; agus cheanglaítí ina bhrá é le slabhraí agus le geimhle, ach bhriseadh sé na géibhinn agus bhíodh sé á thiomáint ag an deamhan faoi na fásaigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí