Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:30 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus do cheistigh Íosa é agus dubhairt: Cad é an ainim atá ort? Agus dubhairt seisean: Leigión; mar bhí mórán deamhan tar éis dul isteach ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 Dʼfhiafraigh Íosa de ansin, “Cad é an t‑ainm atá ort?” Agus dʼfhreagair sé “Léigiún”; mar bʼiomaí sin deamhan a bhí i ndiaidh dul isteach ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 Agus cheistigh Íosa é, ag rádh: Cad is ainm duit? Agus dubhairt seisean: Léigiún, óir chuaidh mórán deamhan isteach ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus d’fhiafruigh Íosa dhe, Cad is ainm duit? Agus adubhairt seisean, Léigiún; óir do bhí mórán deamhan tar éis dul isteach ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Agus dfiafruidh Iósa dhé, ag rádh, Créd is ainm dhuit? Agus a dubhairt seision, Leighión: do brígh go ndeachádar mórán deamhan a sdeach ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 Dʼfhiafraigh Íosa de: “Cad é an t-ainm atá ort?” Dúirt sé: “Léigiún”–óir bhí mórán deamhan imithe isteach ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

30 D'fhiafraigh Íosa de: “Cad é an t‑ainm atá ort?” Dúirt sé: “Léigiún” - óir bhí mórán deamhan imithe isteach ann.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:30
7 Tagairtí Cros  

An amhlaidh is dóigh leat nách féidir dómh-sa a iarraidh ar m’Athair, agus cuirfidh sé chúgham láithreach níos mó ’ná dhá legión déag aingeal?


Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad.


Agus féach, do liúghadar agus dubhradar: Cad é sin dúinne thusa, a Íosa, a Mhic Dé? Ar tháinís anso roim an aimsir chun pionóis a chur orainn?


Ach nuair aiseirigh sé ar maidin an chéad lae de’n tseachtmhain, thaisbeáin sé é féin ar dtúis do Mháire Mhagdalén, an bhean as ar dhíbir sé na seacht ndeamhain.


Ansan do cheisdigh sé é: Cad is ainim duit? Agus dubhairt seisean: Legión is ainim dom, óir is líonmhar sinn.


Agus raint ban a saoradh ó annspridíbh agus ó ghalaraibh: Máire, ár a dtugtar Magdalén, n-ar imthigh; na seacht ndeamhain aisti,


Óir bhí sé ’ghá órdú do’n annsprid teacht amach as an nduine. Óir do bheireadh sé air go minic; agus do ceangailtí é le slabhraibh agus le geimhlibh, agus do bhriseadh sé na slabhraí agus chomáineadh an deamhan amach fé’n bhfásach é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí