Lúcás 8:29 - An Bíobla Naofa 198129 Óir bhí Íosa á ordú don spiorad míghlan dul amach as an duine. Óir is iomaí uair roimhe sin a rug sé go foréigneach air; agus cheanglaítí ina bhrá é le slabhraí agus le geimhle, ach bhriseadh sé na géibhinn agus bhíodh sé á thiomáint ag an deamhan faoi na fásaigh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)29 Mar bhí ordaithe aige don sprid neamhghlan teacht amach as an bhfear. (Ba mhinic dó breith air; agus coinníodh faoi choimeád é, agus ceanglaíodh i slabhraí agus i ngeimhle é, ach bhriseadh sé an ceangal agus thiomáineadh an deamhan amach ar an bhfásach é.) Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara29 Óir thug sé órdughadh do’n spiorad neamhghlan dul amach as an duine. Óir bheireadh sé air go minic, agus cheangailtí le slabhraí é agus chongbhuighthí le cuibhreacha é, agus bhriseadh sé na ceanglacha agus thiomáineadh an deamhan isteach ins na fásaigh é. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)29 Athchuinghim ort gan mo phianadh. Óir do bhí sé g‐á órdú do’n spioraid neamh‐ghlain teacht amach as an duine. Óir ba mhinic do‐bheireadh sí air: agus do coimhéadthaidhe é fá ghárda, agus do ceangailtidhe é le slabhraibh agus le geimhlibh; agus ag réabadh na gcuibhreach ó chéile dhó, do ruaigeadh an deamhan amach sa bhfásach é. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)29 Oir do aithin sé don spiorad neamhghlan dol as an duine. Oír is iomdha uáir do bheireadh sé siothadh air: agus do cheangluidh le slabhraidhibh agus do coimhéaduibh le géimhleachuibh é; agus ar mbriseadh na gcuibhreach dhósan, do thiománadh an deamhan fá na fasaighibh e. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)29 Óir bhí sé ’ghá órdú do’n annsprid teacht amach as an nduine. Óir do bheireadh sé air go minic; agus do ceangailtí é le slabhraibh agus le geimhlibh, agus do bhriseadh sé na slabhraí agus chomáineadh an deamhan amach fé’n bhfásach é. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201229 Óir bhí Íosa dá ordú don spiorad míghlan dul amach as an duine. Óir is iomaí uair roimhe sin a rug sé go foréigneach air; agus cheanglaítí ina bhrá é le slabhraí agus le geimhle, ach bhriseadh sé na géibhinn agus bhíodh sé dá thiomáint ag an deamhan faoi na fásaigh. Féach an chaibidil |