Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:31 - An Bíobla Naofa 1981

31 Agus bhíodar ag achainí air gan a fhógairt dóibh imeacht leo sa duibheagán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

31 Agus dʼiarr na deamhain mar achainí ar Íosa gan a ordú dóibh dul amach sa duibheagán mór.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

31 Agus d’iarr siad air gan é órdughadh a thabhairt dóibh dul isteach san aibhéis.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Agus d’impidheadar air gan a órdú dhóibh dul síos san aibhéis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Agus diárradar air gan a chur dfiachaibh ortha dul ann sa dubhaigen.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Agus bhíodar ’ghá iarraidh air gan a dh’órdú dhóibh dul síos sa n-aibhéis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

31 Agus bhíodar ag achainí air gan a fhógairt dóibh imeacht leo sa duibheagán.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:31
14 Tagairtí Cros  

Sín amach do lámh, más ea, agus leag í ar a bhfuil aige, agus is deimhin go ndéanfaidh sé thú a mhaslú le do bhéal.”


Ach sín do lámh anois agus bain lena chnámh agus lena fheoil, agus caithfidh sé mallacht san aghaidh ort, caithfidh sin.”


Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.


Agus ar fheiceáil Íosa dó, scread sé amach agus chaith é féin síos roimhe agus dúirt de ghlór ard: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Iarraim ort, ná déan mé a chrá.”


Bhí, ansiúd, tréad mór muc ar féarach ar an sliabh, agus rinne na deamhain achainí air cead a thabhairt dóibh dul isteach iontu, agus thug.


nó: “Cé a rachaidh síos sa duibheagán?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt aníos ó mhairbh).


Agus ar gcríochnú a bhfianaise dóibh, an beithíoch a éiríonn aníos as an duibheagán, fearfaidh sé cogadh orthu agus cloífidh iad agus maróidh iad.


“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.


Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.


Tá aingeal an duibheagáin acu mar rí orthu; tugtar Abadón mar ainm air san Eabhráis agus Apolúón [nó Scriostóir] sa Ghréigis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí