Lúcás 8:32 - An Bíobla Naofa 198132 Bhí, ansiúd, tréad mór muc ar féarach ar an sliabh, agus rinne na deamhain achainí air cead a thabhairt dóibh dul isteach iontu, agus thug. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)32 Anois bhí tréad mór muc ag innilt ansin ar shleas an chnoic; agus chuir siad a n‑impí air ligean dóibh dul isteach iontu siúd. Agus thug sé an cead sin dóibh. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara32 Agus bhí tréad mór muc annsin ag ingheilt ar an tsliabh, agus d’iarr siad air cead a thabhairt dóibh dul isteach ionnta. Agus thug sé cead dóibh. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)32 Agus do bhí tréad mór muc ag inbhear ar an sléibh: agus d’impidheadar air a leigint dóibh dul isteach ionnta. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)32 Agus so bhí tréd mór muc ann sin ag inghilt ar a tslíabh: agus diárradar air a léigean doibh dul ionnta. Agus dfulaing seísion sin dóibh. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)32 Agus bhí tréad mór muc sa n-áit agus iad ag inníor ar an sliabh, agus d’iarradar air leigint dóibh dul isteach ionta. Agus do leig. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201232 Bhí, ansiúd, tréad mór muc ar féarach ar an sliabh, agus rinne na deamhain achainí air cead a thabhairt dóibh dul isteach iontu, agus thug. Féach an chaibidil |
An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.