Lúcás 8:33 - An Bíobla Naofa 198133 Tháinig na deamhain amach as an duine agus chuaigh isteach sna muca. Agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána isteach sa loch agus bádh iad. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)33 Dʼimigh na deamhain ansin amach as an bhfear agus isteach sna muca, agus rith an tréad síos le fána amach sa loch gur bádh an t‑iomlán acu. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara33 Ar an adhbhar sin tháinic na deamhain amach as an duine, agus chuaidh siad isteach ins na muca, agus d’imthigh an tréad de ruathar ar mhullach a gcinn, isteach san loch, agus plúchadh iad. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)33 Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na deamhain amach as an duine, agus do chuadar isteach ins na mucaibh: agus do rith an tréad de ruathar le fánaidh síos isteach sa bhfairrge, agus do bádhadh iad. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)33 Agus ar ndul do na deamhnuibh as an duine, do chúadar ann sna mucaibh: agus do rith an tréd muc ris a nail ann sa loch, agus do múchadh iád. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)33 Ansan d’imthigh na deamhain as an nduine agus chuadar isteach ins na mucaibh, agus do ghluais an tréad, le buile, ar mhullach a gcinn isteach sa loch agus do báthadh iad. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201233 Tháinig na deamhain amach as an duine agus chuaigh isteach sna muca. Agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána isteach sa loch agus bádh iad. Féach an chaibidil |
Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.