Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:35 - An Bíobla Naofa 1981

35 agus thug siad go dtí Íosa é, agus tar éis dóibh a mbrait a chaitheamh ar an searrach, chuir siad Íosa ar a mhuin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 Agus thug siad chuig Íosa é, agus chaith siad a bhfallaingeacha thar an searrach, gur chuir siad Íosa a mharcaíocht air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Agus thug siad chuig Íosa é, agus ar chaitheamh a mbaill éadaigh ar an tsearrach dóibh, chuir siad Íosa ar a mhuin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus thugadar chum Íosa é: agus do chuireadar a mbrait ar an searrach, agus do chuireadar Íosa ar a mhuin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Agus rugadar léo é chum Iósa: agus ar dteilgean a mbrat ar a tséarrach, do chuireadar Iósa air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus thugadar agh triall ar Íosa é, agus do leathadar a mbrait ar an searrach agus chuireadar Íosa ar a mhuin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 agus thug siad go dtí Íosa é, agus tar éis dóibh a mbrait a chaitheamh ar an searrach, chuir siad Íosa ar a mhuin.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:35
9 Tagairtí Cros  

Ansin ar an toirt thóg gach duine a bhrat agus leathadar faoi ar na leaca loma iad; shéid siad an trumpa agus chuir siad gáir suas: “Sé Iéahú an rí!”


Tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí a ndúradh tríd an bhfáidh:


thug siad leo an láir asail agus an searrach. Chuir siad a mbrait anuas orthu ansin agus chuaigh Íosa ina shuí orthu.


Dúirt siad: “Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis,”


Agus ag gluaiseacht dó, bhí siad ag leathadh a mbrat ar an mbóthar.


Lá arna mhárach, an slua mór a tháinig don fhéile, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag teacht go Iarúsailéim,


Agus fuair Íosa asal óg agus shuigh air mar atá scríofa:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí