Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Eoin 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Is é do bhí ann ó thús, do chualamar, do chonnaic ár súile féin, ar ar dhearcamar, agus do láimhsigh ár lámha,

2 i dtaobh Briathair na beathadh (is eadh, do foillsigheadh an bheatha, agus do chonnacamar í, agus atáimíd ag tabhairt fiadhnaise, agus atáimíd ag fógairt na beathadh dhaoibh, an bheatha mharthannach do bhí leis an Athair, agus do foillsigheadh dhúinne);

3 an méid do chonnacamar agus do chualamar, is é atá againn d’á fhógairt daoibh‐se, leis, chum go mbéidh cumann agaibh‐se linne mar an gcéadna: agus is leis an Athair atá ár gcumann, agus le n‐a Mhac Íosa Críost:

4 agus atáimíd ag seríobhadh na neithe seo chum go mbéidh lán‐gháirdeachas againn.

5 Agus is í seo an teachtaireacht do chualamar uaidh‐sean, agus atá againn d’á fógairt daoibh, gur solas Dia, agus nach bhfuil dorchadas ar bith ann.

6 Má deirimíd go bhfuil cumann againn leis, agus sinn ag siubhal san dorchadas, is bréag do‐ghnímíd, agus ní fhuilmíd ag déanamh na fírinne:

7 acht má shiubhlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ó gach peacadh sinn.

8 Má deirimíd nach bhfuil aon pheacadh déanta againn, atáimíd d’ár mealladh féin, agus ní fhuil an fhírinne ionnainn.

9 Má admhuighmíd ár bpeacaidhe, atá seisean chómh dílis, chómh ceart sin agus go maithfidh sé ár bpeacaidhe dhúinn, agus go nglanfaidh sé ó gach neamh‐fíréantacht sinn.

10 Má deirimíd nach bhfuil peacadh déanta againn, bréagnuighmíd é, agus ní fhuil a bhriathar ionnainn.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí