Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 1:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Má admhuighmíd ár bpeacaidhe, atá seisean chómh dílis, chómh ceart sin agus go maithfidh sé ár bpeacaidhe dhúinn, agus go nglanfaidh sé ó gach neamh‐fíréantacht sinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Má admhaímid ár bpeaca, is dílis agus is ceart é, agus maithfidh sé ár bpeacaí dúinn agus glanfaidh sé sinn ó gach aon éagóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Má admhaímid ár bpeacaí, tá seisean dílis cóir agus maithfidh sé dúinn ár bpeacaí agus glanfaidh sinn ón uile olc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Má admhaímid ár bpeacaí, tá seisean dílis cóir agus maithfidh sé dúinn ár bpeacaí agus glanfaidh sinn ón uile olc.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 1:9
37 Tagairtí Cros  

agus do bhaist sé i nIórnán iad, agus iad ag admháil a bpeacadh.


Agus do chuaidh tír Iúdaea uile agus muinntear Iarúsalem amach chuige agus do bhaist sé iad uile i sruth Iórnán agus iad ag admháil a bpeacadh.


Acht do shéan seisean é, g‐á rádh, A bhean, ní fhuil aon aithne agam air.


A Athais fhiréin, níor aithin an saoghal mé, acht d’aithnigheas‐sa thú; agus do bhí a fhios aca‐san gur chuiris‐se uait mé;


Agus tháinig mórán díobh san do chreid, ag admháil, agus ag nochtadh a ngníomhartha.


chum a fhíréantacht do nochtadh san am so atá de láthair: ionnas go mbéadh sé féin fírinneach, agus go bhfíréanóchadh sé an té chreideas i nÍosa.


Atá Dia fírinneach, tré n‐ar glaodhadh sibh isteach i gcómhchumann a Mhic Íosa Críost ár dTighearna.


Agus do bhí a leitheidí sin oraibh‐se: acht do nigheadh sibh, acht do naomhuigheadh sibh, acht do fíréanuigheadh sibh i n‐ainm an Tighearna Íosa, agus tré Spiorad ár nDé.


chum go naomhóchadh sé í, g‐á glanadh leis an mbriathar fá thuinn an bhaistidh,


Is inchreidthe an focal é, agus is fiú glacadh ar fad leis, go dtáinig Íosa Críost isteach san tsaoghal chum peacaigh do shlánú; agus is mise an té is measa dhíobh.


thug é féin ar ár son, chum sinn d’fhuascailt ó gach peacadh, agus pobal do ghlanadh dhó féin, pobal díoghraiseach chum deagh‐oibreacha do chleachtadh.


coimheádaimís go daingean an dóchas admhuighmíd chum nach lagaidh sé; óir is dílis an té thug an gheallamhain:


Tré chreideamh fuair Sára féin cumas chum sliocht do ghabháil i mbroinn, i n‐aimhdheoin go raibh sí thar aois, de bhrigh gur mheas sí an té thug an gheallamhain bheith fírinneach,


óir ní fhuil Dia éagcórach go ndéanfadh sé dearmad ar bhur saothar agus ar an ngrádh do thaisbeáin sibh d’á ainm, mar rinne sibh friotháileamh ar na naomhaibh, agus mar ghníonn sibh fós.


acht má shiubhlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ó gach peacadh sinn.


Agus do bhíodar ag canadh amhráin Mhaoise seirbhísigh Dé, agus amhráin an Uain, g‐á rádh, Is mór, iongantach iad t’oibreacha, a Thighearna, a Dhia Uile‐chumhachtaigh. Is cóir, fírinneach iad do shlighthe, a Righ na gcinidheach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí