Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 1:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Má deirimíd nach bhfuil aon pheacadh déanta againn, atáimíd d’ár mealladh féin, agus ní fhuil an fhírinne ionnainn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Má deirimid nach bhfuil peaca orainn, bímid dár mealladh féin agus níl an fhírinne ionainn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Dá nabram nach bhfuil peacadh oruinn, atámuid dár mealladh féin, agus ní bhfuil an fhirinne aguinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Má deirimid nach bhfuil aon pheaca orainn meallaimid sinn féin agus níl an fhírinne ionainn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Má deirimid nach bhfuil aon pheaca orainn meallaimid sinn féin agus níl an fhírinne ionainn.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 1:8
33 Tagairtí Cros  

Is ó bhúr n‐Athair, an diabhal, sibh‐se, agus is é mian bhúr n‐athar is toil libh do dhéanamh. Dúnmharbhthóir ab eadh eisean ó thosach, agus níor sheas sé sa bhfírinne, óir ní fhuil fírinne ann. Nuair do‐bheir sé an t‐éitheach, is uaidh féin labhras sé: óir is bréagaire é, is é athair an éithigh é.


mar tá scríobhtha, Ní fhuil aon duine fíréanta ann, ní fhuil duine amháin;


óir do rinne an uile dhuine peacadh, agus atáid i n‐easbaidh glóire Dé;


Ná mealladh aon duine é féin. Má mheasann aon duine dhíbh bheith glic san tsaoghal so, bíodh sé ’n‐a amadán, chum go n‐éireochadh sé glic.


Óir má mheasann aon duine gur nidh éigin é féin, agus gur neamh‐nidh é, meallann sé é féin.


conspóidí daoine droch‐aigeantach atá dall ar an bhfírinne, mheasas gur adhbhar tairbhe an crábhadh.


Acht éireochaidh droch‐dhaoine agus mealltóirí níos measa agus níos measa, ag mealladh agus d’á mealladh féin.


Acht cuiridh an briathar i ngníomh, gan bheith ’n‐bhur lucht éisteachta amháin, gh’‐bhur mealladh féin.


Má mheasann aoinneach nach gcuireann srian le n‐a theangain, gur duine cráibhtheach é, acht bhíos ag mealladh a chroidhe féin, is cráibhtheacht gan brigh atá ag an duine sin.


Óir is iomdha tuisleadh do‐gheibh gach duine againn. Má tá aoinneach nach dtuisligheann i mbriathraibh béil, duine lán‐fhoirbhthe is eadh é, duine go bhfuil ar chumas dó srian do chur le n‐a cholainn ar fad.


agus do‐gheobhaidh siad tuarastal a gcuirptheachta. Is geal leo mar phléisiúr bheith ag dreabhlas i lár an lae; dream salach, máchaileach, iad go scléipeach ’n‐a bhféastaibh grádha, ag caitheamh fléidhe dhóibh ’n‐bhur gcuideachtain.


Má deirimíd nach bhfuil peacadh déanta againn, bréagnuighmíd é, agus ní fhuil a bhriathar ionnainn.


Má deirimíd go bhfuil cumann againn leis, agus sinn ag siubhal san dorchadas, is bréag do‐ghnímíd, agus ní fhuilmíd ag déanamh na fírinne:


An té adeir, Atá aithne agam air, agus nach gcoimheádann a aitheanta, is bréagaire é, agus ní fhuil fírinne ar bith ann.


Má deir aoinneach, Atá grádh do Dhia agam, agus fuath dó bheith aige d’á bhráthair, is bréagaire é; óir an té atá gan grádh do’n bhráthair do chonnaic sé, ní féidir leis grádh do thabhairt do Dhia nach bhfaca sé.


as ucht na fírinne chómhnuigheas ionnainn, agus bhéas linn go síorraidhe.


Is mór an gáirdeachas do bhí orm nuair tháinig na bráithre chugam ag tabhairt fiadhnaise leo ar an bhfírinne atá ionnat, cionnas táir ag siubhal san bhfírinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí