Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Eoin 1:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 acht má shiubhlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ó gach peacadh sinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 ach má shiúlaimid sa solas, mar a bhíonn seisean sa solas, bíonn cumann lena chéile againn, agus fuil Íosa a Mhac dár nglanadh ó gach peaca.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Achd da siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré chéíle, agus glanuidh fúil Iósa Críosd a Mhicsion sinn ó nuile pheacadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 1:7
34 Tagairtí Cros  

agus maith dhúinn ár bhfiacha, mar do mhaitheamair‐ne d’ár bhféicheamhnaibh féin;


An lá ’n‐a dhiaidh sin do chonnaic sé Íosa ag teacht chuige, agus adubhairt sé, Féach Uan Dé thógas peacadh an domhain!


Annsin adubhairt Íosa leo, Tamall beag eile fós, béidh an solas ’n‐bhúr measc. Siubhlaidh an fhaid atá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchact oraibh: agus an té shiubhlas sa dorchact, ní bhíonn a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.


Atá an oidhche imthighthe, nach mór, atá an lá chugainn: cuirimís dínn gníomhartha an dorchadais, agus cuirimís umainn éide an tsolais.


Agus do bhí a leitheidí sin oraibh‐se: acht do nigheadh sibh, acht do naomhuigheadh sibh, acht do fíréanuigheadh sibh i n‐ainm an Tighearna Íosa, agus tré Spiorad ár nDé.


’n‐a bhfuil fuascladh againn tré n‐a fhuil, maitheamhnas ár bpeacadh,


mar sin; óir do bhíobhar ’n‐bhur ndorchacht tráth, acht atá sibh anois ’n‐bhur solas san Tighearna: siubhlaidh ar nós clainne an tsolais.


an té amháin ag a bhfuil an do‐mharbhthacht, chómhnuigheas i solas do‐shroichte; an té nach bhfaca súil duine ariamh, agus nach bhféadann aon duine a fheicsin: dó‐san go raibh an onóir agus an chumhacht síorraidhe. Amen.


thug é féin ar ár son, chum sinn d’fhuascailt ó gach peacadh, agus pobal do ghlanadh dhó féin, pobal díoghraiseach chum deagh‐oibreacha do chleachtadh.


nach mó go mór dhéanfas fuil Chríost, an té d’íodhbair é féin gan smál do Dhia, tríd an Spiorad síorraidhe, bhur gcoinsias do ghlanadh ó ghníomharthaibh marbha chum seirbhís do dhéanamh do’n Dia síorraidhe?


Is ó’n áirde thuas atá gach deagh‐thabhartas agus gach tíodhlacadh iomlán, ag teacht anuas ó Athair na soillse, nach dtagann claochlodh ar bith air, ná athrú ó sholas go dorchadas.


acht le fuil luachmhair, mar fhuil uain gan locht, gan smál, fuil Chríost:


an méid do chonnacamar agus do chualamar, is é atá againn d’á fhógairt daoibh‐se, leis, chum go mbéidh cumann agaibh‐se linne mar an gcéadna: agus is leis an Athair atá ár gcumann, agus le n‐a Mhac Íosa Críost:


Agus is í seo an teachtaireacht do chualamar uaidh‐sean, agus atá againn d’á fógairt daoibh, gur solas Dia, agus nach bhfuil dorchadas ar bith ann.


Is é Íosa Críost an té tháinig tré uisce agus tré fhuil: ní h‐é tríd an uisce amháin, acht tríd an uisce agus tríd an fhuil.


Óir atá triúr ann do‐bheir fiadhnaise, an Spiorad, agus an t‐uisce, agus an fhuil: agus cuireann an triúr le chéile.


Ba mhór an gáirdeachas do chuir sé orm cuid ded’ chlainn d’fhágháil ag siubhal san bhfírinne, do réir na h‐aithne fuaramar ó’n Athair.


Ní mó an gáirdeachas bhíos orm ’ná a chlos go bhfuil mo chlánn ag siubhal san bhfírinne.


agus ó Íosa Críost, an fiadhnaidhe fírinneach, an chéid‐ghein ó na marbhaibh, agus árd‐rí righthe na talmhan. Do’n té ghrádhuigheas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaidhibh le n‐a fhuil féin sinn;


Agus rugadar buaidh air tré fhuil an Uain, agus tré bhriathar a bhfiadhnaise: agus níor chuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin.


Agus adubhras‐sa leis, A Thighearna, atá a fhios agat‐sa. Agus adubhairt seisean liom, Is iad na daoine tháinig as an anró mór iad so, agus do nigheadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i bhfuil an Uain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí