Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Eoin 1:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Má deirimíd go bhfuil cumann againn leis, agus sinn ag siubhal san dorchadas, is bréag do‐ghnímíd, agus ní fhuilmíd ag déanamh na fírinne:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Má bhímid á rá go bhfuil cumann againn leis agus sinn ag siúl sa dorchadas, ní fírinne ach bréag a bhíos á dhéanamh againn;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Dá nabram go bhfuil cumann aguinn ris, agus sinn ag siubhal a ndorchadus, do nímid bréug, agus ní leanmáoid an fhírinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Má deirimid go bhfuilimid i bpáirt leis agus sinn ag siúl sa dorchadas, déanaimid an bhréag agus ní hí an fhírinne a chleachtaimid.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Má deirimid go bhfuilimid i bpáirt leis agus sinn ag siúl sa dorchacht, déanaimid an bhréag agus ní hí an fhírinne a chleachtaimid.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 1:6
25 Tagairtí Cros  

Is iomdha duine adéarfas liom an lá sin, A Thighearna, a Thighearna, nach id’ ainm‐se dorinneamar fáidheadóireacht, agus nach id’ ainm‐se do chaitheamar amach na deamhain, agus nach id’ ainm‐se do‐rinneamar mórán míorbhail?


Acht má shiubhlann duine san oidhche, baintear tuisleadh as, óir ní fhuil an solas ann.


Annsin adubhairt Íosa leo, Tamall beag eile fós, béidh an solas ’n‐bhúr measc. Siubhlaidh an fhaid atá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchact oraibh: agus an té shiubhlas sa dorchact, ní bhíonn a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.


Tháinig mé mar sholas ar an saoghal, ionnas cibé chreideas ionnam, nach bhfanfadh sé sa dorchacht.


Annsin do labhair Íosa leo arís, g‐á rádh, Is mise solas an domhain, an té leanas mé ní siubhalfaidh sé i ndorchadas, acht béidh solas na beathadh aige.


agus ní fhuil aithne agaibh‐se air: acht atá aithne agam‐sa air; agus dá n‐abrainn, Ní fhuil aithne agam air, béidh mé im’ bhréagaire chómh maith libh‐se: acht atá aithne agam air, agus coimhéadaim a bhriathar.


tré bhéalchrábhadh luchta na mbréag, go bhfuil a gcoinsias loiscthe mar bhéadh le h‐iarann dearg;


Cia an tairbhe, a bhráithre, do’n duine adeir go bhfuil creideamh aige, gan gníomhartha bheith aige, leis? an bhféadann an creideamh sin a shlánú?


agus go n‐abróchadh duine agaibh leo, Imthighidh i síothcháin, déanaidh bhur ngoradh féin, agus bíodh bhur sáith agaibh; gan na neithe atá riachtanach do’n cholainn do thabhairt dóibh; cia an tairbhe é sin?


Acht déarfaidh duine éigin, Atá creideamh agat‐sa, agus atá gníomhartha agam‐sa: taisbeán do chreideamh dhom i n‐éagmais do ghníomhartha, agus taisbeánfad‐sa mo chreideamh dhuit‐se lem’ ghníomhartháibh.


Má deirimíd nach bhfuil peacadh déanta againn, bréagnuighmíd é, agus ní fhuil a bhriathar ionnainn.


an méid do chonnacamar agus do chualamar, is é atá againn d’á fhógairt daoibh‐se, leis, chum go mbéidh cumann agaibh‐se linne mar an gcéadna: agus is leis an Athair atá ár gcumann, agus le n‐a Mhac Íosa Críost:


Má deirimíd nach bhfuil aon pheacadh déanta againn, atáimíd d’ár mealladh féin, agus ní fhuil an fhírinne ionnainn.


An té adeir, Atá aithne agam air, agus nach gcoimheádann a aitheanta, is bréagaire é, agus ní fhuil fírinne ar bith ann.


Má deir aoinneach, Atá grádh do Dhia agam, agus fuath dó bheith aige d’á bhráthair, is bréagaire é; óir an té atá gan grádh do’n bhráthair do chonnaic sé, ní féidir leis grádh do thabhairt do Dhia nach bhfaca sé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí