Matha 5:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Do‐chualabhar go ndubharthas leis na sinnsearaibh, ná déan marbhadh; agus cibé duine do‐ghní marbhadh, béidh sé cionntach do’n bhreitheamhnas; acht adeirim‐se libh, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Chuala sibh go ndúradh leis na daoine a bhí ann fadó, ‘Ná déan marú; agus cibé a dhéanas marú, tabharfar breith air.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Chuala sibh go ndubhradh leis na sinnsir: ná déan marbhadh; cibé a ghní marbhadh, béidh sé cionntach do’n bhreitheamhnas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chúalabhair go ndubhradh ris na seinnsearaibh, Na déuna dúnmharthadh; agus gidh bé do dhéanas dúnmharbhadh biaidh sé cionntach ó bhreitheamhnas: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Chualabhair conus mar adubhradh leis na daoine a bhí ann fadó: Ná dein marbhadh: Agus an t-é dhéanfaidh marbhadh beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Chuala sibh go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná déan marú; agus má dhéanann duine marú beidh air freagairt ann don bhreithiúnas.’ An Bíobla Naofa 1981 “Chuala sibh go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná déan marú; agus má dhéanann duine marú beidh air freagairt ann don bhreithiúnas.’ |
Do‐chualabhar, leis, go ndubharthas i n‐allód, Ná tabhair mionna éithigh, acht cóimhlíon do mhóide do’n Tighearna;
Do‐chualabhar go ndubharthas, Súil i n‐éiric súile, agus fiacail i n‐éiric fiacla;
Do‐chualabhar go ndubharthas, Béidh grádh agat dod’ chómharsain, agus fuath dod’ námhaid:
Cibé duine go bhfuil fuath aige d’á bhráthair is dún‐mharbhthóir é: agus atá a fhios agaibh nach gcómhnuigheann an bheatha mharthannach i n‐aon dún‐mharbhthóir.