Tháinig Íosa, an t‐am sin, ó’n nGaililé go h‐Iórnán chum Eoin, chum go mbaistfeadh seisean é.
Matha 3:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht d’iarr Eoin cosc do chur leis, g‐á rádh, Is damh‐sa ba cheart baisteadh d’fhagháil uait‐se, agus is ag teacht chugam‐sa atáir. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Rinne Eoin iarracht ar chúl a chur air, agus dúirt sé, “Cad chuige duit teacht chugam, agus gnótha agam bheith do mo bhaisteadh agatsa?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht chuir Eoin ina aghaidh, ag rádh: Is damh-sa ba chóir baisteadh d’fhagháil uait-se; agus an amhlaidh atá tusa ag teacht chugam-sa? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd cheana do thoirmeisg Eóin é, ag rádh, Atá a ríachdanus oramsa thusa dóm bhaisdeadh, agus an bhfuil tusa ag teachd chugamsa? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach bhí Eóin ’ghá chosg, agus deireadh sé: Is dómh-sa is gádh baiste dh’fhághail uait-se; agus tusa ag teacht ag triall orm-sa? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach bhí Eoin ag iarraidh é a stopadh. “Is dom-sa is gá baiste a fháil uait-se,” ar seisean, “agus an bhfuil tusa ag teacht chugam-sa?” An Bíobla Naofa 1981 Ach bhí Eoin ag iarraidh é stop. “Is domsa is gá baisteadh a fháil uaitse,” ar seisean, “agus an bhfuil tusa ag teacht chugamsa?” |
Tháinig Íosa, an t‐am sin, ó’n nGaililé go h‐Iórnán chum Eoin, chum go mbaistfeadh seisean é.
Agus d’fhreagair Íosa é, agus adubhairt sé leis, leig dó anois: óir is mar so is cuibhe gach dlighe do chóimhlíonadh. Agus do ghéill sé dhó an t‐am sin.
Agus, a bhráithre, níor mhian liom gan a fhios bheith agaibh gur minic do chuireas rómham teacht chugaibh (acht do cuireadh cosc orm go dtí anois), ionnas go mbéadh toradh éigin agam de bhárr mo shaothair ’n‐bhur measc, fá mar bhí agam i measc na gCineadhach eile.
an té do cheap Dia chum bheith ’n‐a chúiteamh tré chreideamh ’n‐a fhuil, chum a fhíréantacht d’fhoillsiú, ag déanamh neamh‐cháis de na peacaidhibh do bhí déanta roimhe sin, tré leor‐fhoighid Dé;
Acht do réir na Scrioptúra, atá cách i ngéibheann ag an bpeacadh, chum go dtiubhrthaí an gheallamhain tré chreideamh i nÍosa Críost do na daoinibh chreideas.
Agus de bhrigh gur clann‐mhac sibh do chuir Dia uaidh Spiorad a Mhic isteach ’n‐bhur gcroidheachaibh, g‐á ghlaodhach, Abba, a Athair.
Agus is fíor go ndearnadh sagairt d’á lán mór díobh‐san, de chionn nár leig an bás dóibh maireachtain i gcómhnaidhe: