Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 12:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do bhí iongnadh mór ar na sluaightibh, agus adubhradar, An é seo mac Dháibhi?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Rinne na daoine uile iontas de, agus dúirt siad, “An féidir gurb é Mac Dháibhí é?”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ghabh iongantas na sluaighte go léir, agus dubhairt siad: Nach é seo Mac Dháibhidh?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do ghabh iongantus an pubal uile, agus a dubhradar, A né nach é so mac Dháibhi?

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus tháinig uathbhás ar na sluaightibh go léir, agus deiridís: An féidir gur b’é seo mac Dáibhid?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus tháinig alltacht ar na sluaite uile agus bhí siad ag rá: “An féidir gurb é an duine seo Mac Dháiví?”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus tháinig alltacht ar na sluaite uile agus bhí siad ag rá: “An féidir gurb é an duine seo Mac Dháiví?”

Féach an chaibidil



Matha 12:23
9 Tagairtí Cros  

Agus féach, tháinig bean Chanáníteach amach as na críochaic sin, agus do liúigh sí, g‐á rádh, Déan thrócaire orm‐sa, a Thighearna, a Mhic Dháibhi; atá m’inghean d’á ciapadh go millteach ag deamhan.


Agus na sluaighte do bhí ar tosach roimhe, agus siad‐san do lean ’n‐a dhiaidh, do tógadar gáir, g‐á rádh, Hósanná do mhac Dháibhi; Is beannuighthe an té atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna; Hósanná ins na h‐áiteannaibh is aoirde!


Agus tharla, nuair do bhí na briathra sin críochnuighthe ag Íosa, go ndearna an sluagh iongnadh d’á theagasc:


Agus ag imtheacht d’Íosa as an áit sin, do lean beirt dall é ag éighimh, agus g‐á rádh, Déan trócaire orainne, a mhic Dháibhi.


Agus nuair do cuireadh amach an deamhan, do labhair an balbhán: agus do‐rinne na sluaighte iongnadh dhe, agus deiridís, Ní facthas a leithéid sin riamh i nIsrael.


Tagaidh go bhfeicidh sibh fear d’innis damh‐sa gach a ndearnas riamh: an féidir gurb é an Críost é?