Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus tháinig uathbhás ar na sluaightibh go léir, agus deiridís: An féidir gur b’é seo mac Dáibhid?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Rinne na daoine uile iontas de, agus dúirt siad, “An féidir gurb é Mac Dháibhí é?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Agus ghabh iongantas na sluaighte go léir, agus dubhairt siad: Nach é seo Mac Dháibhidh?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus do bhí iongnadh mór ar na sluaightibh, agus adubhradar, An é seo mac Dháibhi?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus do ghabh iongantus an pubal uile, agus a dubhradar, A né nach é so mac Dháibhi?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Agus tháinig alltacht ar na sluaite uile agus bhí siad ag rá: “An féidir gurb é an duine seo Mac Dháiví?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Agus tháinig alltacht ar na sluaite uile agus bhí siad ag rá: “An féidir gurb é an duine seo Mac Dháiví?”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:23
9 Tagairtí Cros  

Agus féach, tháinig bean ó Chanaan amach as na críochaibh sin, agus do ghlaoidh sí: A Thighearna, a Mhic Dáibhid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inghean d’á ciapadh go cruaidh ag deamhan.


Agus an tsluagh a bhí lasmuigh agus lastiar bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: Hósanna do Mhac Dáibhid; Moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna; Hósanna go lán árd.


Agus do thárla nuair a bhí an chaint sin críochnuighthe ag Íosa go raibh na daoine ag déanamh iongna d’á theagasg.


Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúirigh, agus deiridís, Dein trócaire orainne a Mhic Dáibhid.


Agus nuair a cuireadh amach an deamhan do labhair an duine balbh; agus bhí iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacathas a leithéid sin riamh i n-Israél.


Tagaidh go bhfeicfidh sibh fear a dh’innis dómh-sa gach nídh d’ár dheineas; an féidir gur b’é an Críost é?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí