Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Annsin tugadh chuige duine ’n‐a raibh deamhan, agus é dall, bodhar: agus do leigheas sé é, ionnas gur labhair an balbhán, agus go raibh radharc aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Ba ansin a tugadh chuige balbhán dall a raibh deamhan ann, agus leigheas sé é, i dtreo go raibh idir urlabhra agus amharc ag an mbalbhán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Annsin tugadh chuige balbhán dall, a raibh deamhan ann, agus leigheas sé é, ionnas gur labhair sé agus go bhfaca sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Tugadh chuige an tansin duine ann a raibh deamhan, do bhí dall, agus balbh: agus do shlánaigh sé é, ionnus gur labhair an balbhán agus go bhfacuidh an dall.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Ansan do tugadh chuige duine go raibh deamhan ann, agus bhí sé dall agus balbh; agus do leighis sé é, i dtreó go raibh radharc agus urlabhra aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Tugadh chuige ansin duine a raibh deamhan ann, é dall agus balbh. Leigheas sé é; tháinig a chaint don bhalbh agus a radharc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Tugadh chuige ansin duine a raibh deamhan ann, é dall agus balbh. Leigheas sé é; tháinig a chaint don bhalbh agus a radharc.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:22
12 Tagairtí Cros  

Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad.


Agus nuair do‐chíodh na spioraide neamh‐glana é, do shléachtaidír dó, agus do ghlaodhaidís amach agus adeiridís, Is tusa Mac Dé.


le n‐a súilí d’fhoscailt, chum go n‐iompóchaidís ó’n dorchadas chum an tsolais, agus ó chumhacht Sátain chum Dé, go bhfaighdís maitheamhnas na bpeacadh agus oighreacht i measc na ndaoine naomhthar tré chreideamh ionnaim‐se.


Is é sin an té go mbéidh a theacht do réir gníomhachais Shátain, le cumhacht, agus le míorbhailtibh, agus le h‐iongantaisibh bréige,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí