Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Acht nuair do‐chuala na Fairisínigh é, adubhradar, Ní chaitheann an fear so na deamhain amach acht tré Bhelsibub, prionnsa na ndeamhan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Ach nuair a chuala na Fairiséigh é, dúirt siadsan, “Níl ann ach go ndíbríonn an duine seo deamhain trí Bheelsebúl, prionsa na ndeamhan.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Acht nuair a chuala na Fairisínigh sin, dubhairt siad: Ní theilgeann sé seo amach na deamhain acht tré Bheelsebub, prionnsa na ndeamhan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus an tan do chúaladar na Phairisinigh so, a dubhradar, Ni theilgeann an féarso na deamhain amach, achd tré Bheilsebub prionnsa na ndeamhan.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 D’airigh na Fairisínigh an chaint sin, agus dubhradar: Ní chuireann sé seo na deamhain amach ach le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 Ach nuair a chuala na Fairisínigh é sin, dúirt siad: “Ní chaitheann an duine seo na deamhain amach ach trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 Ach nuair a chuala na Fairisínigh é sin, dúirt siad: “Ní chaitheann an duine seo na deamhain amach ach trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:24
7 Tagairtí Cros  

Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é!


Agus ag imtheacht dóibh, féach, tugadh chuige balbhán ’n‐a raibh deamhan.


Acht adubhairt na Fairisínigh, Is tré phrionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhain.


Agus na scríobhaidhthe tháinig anuas ó Iarúsalem, adubhradar‐san, Atá Belsibub ann, agus is le cumhacht prionnsa na ndeamhan chaitheas sé na deamhain amach.


Agus do bhí sé ag caitheamh deamhain do bhí balbh amach. Agus tharla, nuair do bhí an deamhan imthighthe amach, gur labhair an balbhán; agus do‐rinne an sluagh iongnadh dhe.


Acht do bhí cuid aca adubhairt, Is tré Bhelsibub, prionnsa na ndeamhan, chaitheas sé na deamhain amach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí