Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus b’eol dó‐san a smaointe, agus adubhairt sé leo, Gac ríoghacht atá deaghailte innti féin, bascthar í; agus gach cathair nó líon tighe atá deaghailte i gcoinnibh a chéile, ní sheasfaidh sé:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Ar seisean leo agus a dhea-fhios aige cad iad na smaointe a bhí ina n‑intinn, “Níl ríocht a dhealaítear ina héadan féin nach ndéantar fásach di, agus ní sheasóidh an chathair ná an teaghlach a dhealaítear ina éadan féin;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Acht b’eol do Íosa a smaointe, agus dubhairt sé leo: Gach ríoghacht a bhíos roinnte ina h-éadan féin, bánóchar í, agus gach cathair nó teach a bhíos roinnte ina éadan féin, ní sheasóchaidh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Achd an tan do aithin Iósa a smúaintighthe, a dubhairt sé riu, Gach rioghachd atá roinnte na haghaidh féin biáidh sí na fásach; agus gach uile chathair nó teagh a tá roinnte na aghaidh féin ní sheasfuidh sé:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Ach do chonaic Íosa a smuínte, agus dubhairt sé leó: Gach righeacht a bheidh deighilte ’n-a choinnibh féin déanfaidh fásach dé; agus gach cathair, nó gach teighleach, a bheidh deigilte i gcoinnibh a chéile, ní sheasóchaidh sé;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Bhí a fhios aige cad a bhí ina gcroí agus dúirt sé leo: “Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus níl cathair ná teaghlach a bhíonn ar deighilt ina aghaidh féin a fhéadfaidh seasamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 Bhí a fhios aige cad a bhí ina gcroí agus dúirt sé leo: “Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus níl cathair ná teaghlach a bhíonn ar deighilt ina aghaidh féin a fhéadfaidh seasamh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:25
18 Tagairtí Cros  

Agus nuair thug Íosa fá ndeara na smaointe do bhí aca, adubhairt sé, Cad chuige dhaoibh bheith ag smaoineadh go h‐olc i n‐bhúr gcroidheachaibh?


Agus ar an láthair, ar n‐a fheiscin d’Íosa, ’n‐a spioraid féin, an machtnamh do bhi ’n‐a n‐aigne aca, adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheit ag machtnamh mar sin i n‐bhúr gcroidheachaibh?


Adubhairt sé leis an tríomhadh h‐uair, A Shíomóin Eoin, An ionmhain leat mé? Do ghoill sé ar Pheadar go ndubhairt sé leis an tríomhadh h‐uair, An ionmhain leat mé? Agus adubhairt sé leis, A Thighearna, is eol duit an uile nidh; atá a fhios agat gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt Íosa leis, Beathuigh mo chaoirigh.


Óir cia h‐é an duine gur ab eol dó na neithe bhaineas leis an duine, acht amháin spiorad an duine atá istigh ann? Ar an geuma chéadna sin ní h‐eol d’aoinneach na neithe bhaineas le Dia, acht amháin do Spiorad Dé.


Acht má bhíonn sibh ag sclamhadh agus ag alpadh a chéile, tabhraidh aire nach scriosfaidh sibh a chéile.


Agus ní fhuil éinnidh d’ár cruthuigheadh nach bhfuil soiléir os cómhair a shúl; acht atá an uile nidh nochta, lán‐fhoscailte roimh shúilibh an té go bhfuil cunntas againn le déanamh leis.


Agus do briseadh an chathair mhór ’n‐a trí codachaibh, agus do thuit cathracha na gcinidheach ar lár: agus do chuimhnigh Dia ar an mBaibiolóin mhóir, chum cupán fíona a dhíbheirge móire do thabhairt le n’ól di.


Agus imreochad bás ar a clainn; agus tuigfidh na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduigheas na dubháin agus na croidheacha: agus do‐bhéarfad do gach duine agaibh do réir bhur ngníomhartha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí