Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 7:43 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

D’fhreagair Síomón agus adubhairt, Measaim gurb é an té d’ár mhaith sé an chuid is mó. Agus adubhairt seisean leis, Is maith í do bhreith.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Dʼfhreagair Síomón, “An té sin, is dóigh liom, ar mhaith sé an chuid ba mhó dó.” Agus dúirt sé leis, “Is ceart an bhreith atá tugtha agat.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

D’fhreagair Síomon agus dubhairt: Creidim gurab é an té is mó ar mhaith sé dó. Agus dubhairt sé leis: Tá do bhreith ceart.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar bhfreagra do Shímón a dubhairt sé, Measuim gur leis an té, dár mhaith sé an tsuim as mó Agus a dubhairt seision is, As maith an bhreath rug tú.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: Measaim gur b’é an t-é is mó n-ar mhaith sé dhó. Agus dubhairt sé leis: Tá do bhreith ceart.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dʼfhreagair Síomón agus dúirt: “An té, mo bharúil, is mó dár mhaith.” Dúirt sé leis: “Thug tú an bhreith cheart.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair Síomón agus dúirt: “An té, mo bharúil, is mó dár mhaith.” Dúirt sé leis: “Thug tú an bhreith cheart.”

Féach an chaibidil



Lúcás 7:43
10 Tagairtí Cros  

Agus do ghabh truagh mhór an tighearna do’n tseirbhíseach sin, agus do scaoil sé saor é, agus do mhaith sé na fiacha dhó.


Agus nuair do chonnaic Íosa gur fhreagair sé go ciallmhar, adubhairt sé leis, Ní fhuilir‐se i bhfad ó ríoghacht Dé. Agus níor lámh aon duine ceist do chur air as sin amach.


Agus sa tslighe dhóibh, do chuaidh sé isteach i mbaile beag: agus do ghlac bean darbh ainm Marta isteach ’n‐a tigh é.


Agus nuair nach raibh ar chumas dóibh íoc, do mhaith sé dhóibh araon é. Cia aca dhíobh is mó grádh dhó?


Agus ag casadh chum na mná dhó, adubhairt sé le Síomón, An bhfeiceann tú an bhean so? Tháinig mise isteach id’ thigh‐se, ní thug tú uisce dom’ chosaibh dhom: acht d’fhluich sise mo chosa le n‐a cuid deor, agus do thiormuigh sí le n‐a gruaig iad.


D’á bhrigh sin adeirim leat, Atá a peacaidhe, a lán mór peacaidhe, maithte dhí; óir ba mhór é a grádh: acht an té d’á maithtear beagán, is beag é a ghrádh.