Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:47 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 D’á bhrigh sin adeirim leat, Atá a peacaidhe, a lán mór peacaidhe, maithte dhí; óir ba mhór é a grádh: acht an té d’á maithtear beagán, is beag é a ghrádh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

47 Dá bhrí sin tá mise á insint duit, go bhfuil a cuid peacaí dá liacht iad maite di ar liacht a grá; ach an té a maitear an beagán dó, ní bhíonn aige ach beagán grá.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

47 Ar an adhbhar sin, deirim leat: Tá mórán peacaidhe maithte dí, de bhrígh gur ghrádhuigh sí go mór; acht an té dá maithtear an beagán, is lugha a ghrádh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

47 Ar a nadhbharsin a deirim riot, Go bhfuilid a hiomad peacaidh, ar na maitheamh dhi; air sin as mór a grádheas sí. Achd gidh bé dá maithtear beagan as beag grádhuigheas sé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 D’á bhrígh sin adeirim leat: Táid a lán peacaí maithte dhi tré mhéid a grádha. An t-é, ámhthach, d’á maithtear an beagán is beagán a ghrádh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

47 Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí–a mór-chuid peacaí–maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

47 Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí - a mórchuid peacaí - maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:47
25 Tagairtí Cros  

An té gurb annsa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a mhac nó a inghean ’ná mise ní fiu é mise.


Agus an Fairisíneach thug an cuireadh dhó, nuair do chonnaic sé sin, adubhairt sé ’n‐a inntinn féin, Dá mba fáidh an fear so, do bhéadh a fhios aige cia h‐í an bhean so atá ag baint leis, agus caidé an sórt í, gur peacach í.


Níor ongais‐se mo cheann le h‐ola: acht d’ong sise mo chosa le h‐uinneimeint.


Agus adubhairt sé léi‐se, Atá do pheacaidhe maithte dhuit.


D’árduigh Dia le n‐a láimh dheis é chum bheith ’n‐a Phrionnsa agus ’n‐a Shlánuightheoir, chum aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadhdo thabhairt d’Israel.


mar sin is eadh déanfar fíréanaigh d’á lán tré umhlacht duine amháin. Agus tháinig an dlighe isteach ’na dhiaidh sin chum go méadóchaidhe an cionntha. Acht san áit ’n‐ar mhéaduigh an peacadh, ba mó ’ná sin go mór do mhéaduigh an grása:


Óir atá grádh Chríost d’ár mbrostú, mar is amhlaidh bhreathnuighmíd, má fuair duine amháin bás ar son an uile dhuine, go bhfuaradar uile bás;


Óir i nÍosa Críost ní fhuil fóghnamh ar bith i dtimcheall‐ghearradh ná i neamh‐thimcheall‐ghearradh acht oiread: acht amháin san gcreideamh oibrigheas tré ghrádh.


ó Dhia an t‐Athair agus ó’n Tighearna Íosa Críost. Go raibh grása aca‐san go léir go bhfuil grádh gan smál aca do’n Tighearna Íosá Críost.


Agus is é mo ghuidhe go méadóchar bhur ngrádh go mór i n‐eolas agus i ngach saghas tuigseana;


agus do mhéaduigh grása ár dTighearna go mór, le creideamh agus leis an ngrádh atá i nÍosa Críost.


acht má shiubhlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ó gach peacadh sinn.


A chlann bheag, ná tabhraimís grádh i mbriathraibh béil, ná leis an teangain: acht i ngníomharthaibh agus i bhfírinne.


Do‐bheirimíd grádh dhósan de bhrigh go raibh tosach aige‐sean ag tabhairt grádha dhúinne.


Óir is é seo grádh Dé, sinne do choimheád a aitheanta: agus ní fhuil a aitheanta trom.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí