Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Agus nuair nach raibh ar chumas dóibh íoc, do mhaith sé dhóibh araon é. Cia aca dhíobh is mó grádh dhó?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Nuair nár fhéad siad a n‑íoc, mhaith sé a bhfiacha don bheirt acu. Cé acu anois a thabharfaidh an grá is mó dó?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Agus mar nach raibh caoi díolaidheachta acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, dá bhrígh sin, ar annsa leis é?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Agus an tráth nach raibh díolaigheachd ag ceachdar díobh ré na thabhairt dó, do mhaith sé dhóibh aráon. Uime sin ínnis damhsa, cia aca léir ab annsa é?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Ní raibh an chumas aoinne acu díoluigheacht a déanamh, agus do mhaith sé na fiacha dhóibh araon. Cé ’cu de’n bheirt is mó grádh dhó?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 Nuair nach raibh an t-íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

42 Nuair nach raibh an t‑íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:42
23 Tagairtí Cros  

Agus do ghabh truagh mhór an tighearna do’n tseirbhíseach sin, agus do scaoil sé saor é, agus do mhaith sé na fiacha dhó.


Agus do bhí fearg ar a thighearna, agus thug sé do na céasadóiribh é, nó go n‐íocadh sé na fiacha go léir.


agus maith dhúinn ár bhfiacha, mar do mhaitheamair‐ne d’ár bhféicheamhnaibh féin;


D’fhreagair Síomón agus adubhairt, Measaim gurb é an té d’ár mhaith sé an chuid is mó. Agus adubhairt seisean leis, Is maith í do bhreith.


acht fíréanuightear iad i n‐aisce tré n‐a ghrása, tríd an bhfuascladh atá le fágháil i nÍosa Críost:


Óir nuair bhíomar i n‐ísle bhrighe, fuair Críost bás i dtráth cóir ar son na neamh‐dhiadha.


Óir an méid chlaoidheas le h‐oibreachaibh an dlighe atáid fá mhallacht: mar atá scríobhtha, Is malluighthe gach duine nach leanann do’n uile nidh athá scríobhtha i leabhar an dlighe, agus nach gcuireann i ngníomh é.


’n‐a bhfuil fuascladh againn tré n‐a fhuil, maitheamhnas ár bpeacadh,


agus bidhidh muinnteardha le chéile, deagh‐chroidheach, ag maitheamh d’á chéile, fá mar tá maithte ag Dia i gCríost daoibh‐se.


ag foidhneamh le chéile, agus ag maitheamh d’á chéile, má bhíonn cúis ar bith ag aoinneach ar dhuine eile; fá mar thug Críost maitheamhnas daoibh‐se,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí