Go moltar an Tighearna, Dia Israel; Óir do chumhduigh sé a mhuinntear agus do‐rinne sé fuascailt dóibh,
Lúcás 24:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht do bhí súil againne go mba eisean do bhí chum Israel d’fhuascailt. Thairis sin, is é seo an treas lá ó thuit na neithe sin amach. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ba é an dóchas a bhí againn, go mba é a bhí le hIosrael a fhuascailt. Agus mar bharr air sin uile, is é seo an tríú lá ó tharla sin uile. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí súil againne gurbh eisean a bhí le h-Israél d’fhuascladh, agus le n-a chois sin uilig, is é seo an treas lá ó thárla na neithe sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do bhí ar súilne gur bheision an té dfuaisgéoladh Isráel: agus leith amuich dhíobh so uile, a sé níu an treas lá ó rinneadh na neithesi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach bhí súil againne go raibh sé chun Israéil a d’fhuasgailt, agus n-a theannta san a’s uile sidé an trímhadh lá ó thuit na neithe sin amach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus sinne ag súil leis gurbh eisean a bhí chun Iosrael a fhuascailt! Ach chomh maith leis an méid sin uile, tá an treas lá inniu ann ó thit na nithe sin amach. An Bíobla Naofa 1981 Agus sinne ag súil leis gurbh eisean a bhí chun Iosrael a fhuascailt! Ach chomh maith leis an méid sin uile, tá an treas lá inniu ann ó thit na nithe sin amach. |
Go moltar an Tighearna, Dia Israel; Óir do chumhduigh sé a mhuinntear agus do‐rinne sé fuascailt dóibh,
Agus ag teacht di‐se, an uair chéadna sin, thug sí buidheachas do Dhia, agus do labhair sí ’n‐a thaobh le gach duine do bhí ag tnúth le fuascailt Iarúsalem.
Agus, ar mbeith dhóibh i bhfochair a chéile, d’fiafruigheadar de, g‐á rádh, A Thighearna, an é seo an t‐am ’n‐a dtiubhraidh tú an ríoghacht ar ais d’Israel?
Agus do chanadar amhrán úr‐nua, g‐á rádh, Is fiú thusa an leabhar do ghlacadh agus a shéalaí d’fhoscailt: de bhrigh gur marbhadh thú, agus gur cheannuighis do Dhia led’ fhuil daoine de gach treibh, agus de gach teangain, agus de gach pobal, agus de gach cineadh,