Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 22:41 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus d’imthigh sé uatha timcheall faid urchair cloiche; agus do‐chuaidh sé ar a ghlúinibh agus do‐rinne sé guidhe,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus chuaigh sé i leataobh faoi urchar cloiche uathu, go ndeachaigh ar a ghlúine agus go ndearna urnaí,

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus d’imthigh sé uatha fad urchar cloiche, agus ag dul ar a ghlúna dó, rinne sé urnaighe,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do tairrngeadh eision úatha a dtimcheall urchair cloiche, agus agá léigean air a ghlúinibh, do rinne sé urnuighe,

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus d’imthigh sé féin uatha tímpal faid urchair cloiche, agus tháinig sé ar a ghlúinibh ag guidhe,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus chuaigh sé i leataobh uathu mar a bheadh fad urchar cloiche,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus chuaigh sé i leataoibh uathu mar a bheadh fad urchar cloiche,

Féach an chaibidil



Lúcás 22:41
9 Tagairtí Cros  

Agus d’imthigh sé uatha achar beag, agus do thuit sé ar a aghaidh, agus do ghuidh sé, g‐á rádh, A Athair, má’s féidir é, gabhadh an cupán so uaim: ná déantar, ámh, mar is toil liom‐sa, acht mar is toil leat‐sa.


Agus d’imthig sé achar gearr uatha, agus do thuit sé ar an talamh, agus do ghuidh sé go rachadh an uair thairis, dá mb’ fhéidir é.


Do sheas an Fairisíneach agus do‐rinne sé a ghuidhe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Dhia, do‐bheirim a bhuidheachas leat nach mar a chéile mise agus daoine eile, foghlaidhthe, agus lucht éagcóra, agus lucht adhaltrannais, ná fós duine de shaghas an phoibleacáin seo.


Acht d’fhan an poibleacán ’n‐a sheasamh i bhfad siar, agus ní dhéanfadh sé fiú amháin a shúile d’árdú chum neimhe, acht do bhí sé ag bualadh a uchta, agus g‐á rádh, A Dhia, déan trócaire orm‐sa, peacach.


Nuair do bhí an méid sin ráidhte aige, do leig sé é féin ar a ghlúnaibh, agus do‐rinne sé urnaighe i n‐éinfheacht leo go léir.


Agus nuair do bhí an t‐am istigh againn, d’imthigheamar rómhainn ar ár n‐aistear; agus tháinig siad go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ’g‐ár dtiodhlacadh, nó go rabhamar taobh amuigh de’n chathair: agus ar ár nglúnaibh dúinn ar an gcladach, do ghuidheamar, agus d’fhágamar slán ag a chéile;


Agus do leig sé é féin ar a ghlúnaibh, agus do ghlaodh sé de ghuth árd, A Thighearna, ná cuir an peacadh so ’n‐a leith. Agus, ar n‐a rádh sin dó, do thuit a chodladh air. Agus do bhí Saul ag aontú le n‐a bhás.


Acht do chuir Peadar iad go léir amach, agus do leig sé é féin ar a ghlúnaibh, agus do‐rinne sé urnaighe; agus ag iompodh chum an chuirp, adubhairt sé, A Thabitá, éirigh. Agus d’fhoscail sí a súile; agus nuair do chonnaic sí Peadar, d’éirigh sí aniar.


Is eisean, i laethibh a fheola, tar éis urnaighthe agus athchuingthe d’ofráil, le h‐árd‐ghol agus le deoraibh chum an té go raibh ar chumas dó a shaoradh ó’n mbás, agus gur h‐éisteadh leis as ucht a naomh‐eagla,