Lúcás 21:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé, Go fírinneach adeirim libh, Is mó do chuir an bhaintreabhach bhocht so isteach ’ná iad‐san uile: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé, “Déanta na fírinne, is mó atá curtha isteach ag an mbaintreach bhocht seo ná a bhfuil curtha isteach acu uile le chéile; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé: Deirim libh go fírinneach, gur mó a chuir an bhaintreabhach bhocht seo isteach ná iad uilig. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé, A deirim ribh go firinneach, gur ab mó do chuir an bhainibhach bhochdsa ann cách uile: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, do chuir an bhaintreach bhocht san níos mó isteach ’ná mar a chuir an chuid eile go léir. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus dúirt: “Deirim libh go dearfa, chuir an bhaintreach bhocht seo níos mó isteach ná cách eile; An Bíobla Naofa 1981 agus dúirt: “Deirim libh go dearfa, chuir an bhaintreach bhocht seo níos mó isteach ná cách eile; |
óir is d’á n‐acfuinn do chuireadar‐san uile rud isteach i gcionn na dtabhartas: acht is d’á ganntanas do chuir sise isteach a raibh san tsaoghal aici.
Acht adeirim libh le fírinne, gurbh iomdha baintreabhach do bhí i nIsrael i laethibh Éliais, an tráth ’n‐a raibh an spéir dúnta ar feadh trí bliadhan agus sé mí, an tráth ’n‐a raibh gorta mhór sa tír ar fad;
Acht adeirim libh go fírinneach, Atá roinnt díobh‐san atá ’n‐a seasamh annso, nach mblaisfidh bás, nó go bhfeicfidh siad ríoghacht Dé.
Agus d’fhoscail Peadar a bhéal, agus adubhairt, Go fírinneach is léir dhom nach bhféachann Dia do dhuine seachas a chéile:
óir is dearbh gur chruinnigh le chéile san gcathair seo, Ioruath agus Point Píoláid, maille leis na Geintibh agus le treabhaibh Israel, i n‐aghaidh do Sheirbhísigh naomhtha Íosa,
Óir má tá an deagh‐thoil ann, glactar léi do réir a bhfuil ag duine, ní h‐é do réir a bhfuil i n‐easnamh air.