2 Corantaigh 8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Anois, a bhráithre, ba mhaith liom grása Dé tugadh i n‐eaglaisibh na Maiceadóine do chur i n‐iúl daoibh: 2 cionnas mar mhéaduigh fairsinge a bhféile de bhárr líonmhaireachta a n‐áthais agus a mbochtaine móire, agus iad fá bhuaidhreamh an‐mhór. 3 Óir de réir a n‐acfuinne, is eadh, agus thar a n‐acfuinn, do‐bheirim m’fhiadhnaise air, go dtugadar d’á saor‐thoil féin, 4 ag iarraidh an ghrása so go dian orainn, bheith chómhpháirteach i bhfriotháileamh na naomh: 5 agus sin, ní h‐é mar bhíomar ag súil leis, acht ar dtús go dtugadar iad féin do’n Tighearna, agus dúinne de thoil Dé. 6 Ar mhodh gur spreagamar Títus, fá mar thosnuigh sé cheana air, go gcuirfeadh sé an grása so chum críche ionnaibh‐se, leis. 7 Acht ó tá sibh iomlán san uile nidh, i gcreideamh, i n‐urlabhra, agus i n‐eolas, agus san uile dhúthracht, agus ’n‐bhur ngrádh dhúinne, bíodh an grása so go h‐iomlán, leis. 8 Ní abraim é seo chum órdú do thabhairt acht mar dhúil is go bhféachfainn an bhfuil sibh dá ríribh ’n‐bhur ngrádh tré dhúthracht na ndaoine eile. 9 Óir is eol daoibh grása ár dTighearna Íosa Críost, gidh go raibh sé saidhbhir, gur éirigh sé bocht ar bhur son‐sa, chum go n‐éireochadh sibh saidhbhir de bharr a bhochtaine‐sean. 10 Is é an tuairim atá agam san gcás so, gur ceart daoibh‐se ba thúisce do thosnuigh, atá bliadhain ó shoin, ní h‐é amháin ar rud do dhéanamh, acht ar bheith toilteanach chuige, leis. 11 Uime sin cuiridh críoch ar a dhéanamh, leis, chum go mbéidh críoch iomlán air do réir bhur n‐acfuinne, fá mar tá sibh toilteanach chuige. 12 Óir má tá an deagh‐thoil ann, glactar léi do réir a bhfuil ag duine, ní h‐é do réir a bhfuil i n‐easnamh air. 13 Óir ní chum sócamhail daoine eile adeirim é, agus cruadhtan bheith oraibh‐se: 14 acht chum cothrom do dhéanamh; bhur bhfearasbárr an t‐am so láithreach bheith le h‐aghaidh a riachtanais‐sean, chum go dtéighidh a bhfearasbárr‐san le h‐aghaidh bhur riachtanais‐se, leis; 15 ar mhodh go mbéidh cothrom ann; mar ta scríobhtha, An té do chnuasaigh mórán, ní raibh fuighleach aige; agus an té do chnuasaigh beagán, ní raibh easbaidh air. 16 Acht buidheachas le Dia, do chuir an dúthracht céadna ’n‐bhur dtaobh i gcroidhe Thítuis. 17 Óir ní h‐é amháin gur ghlac sé go fonnmhar le n‐ár n‐impidhe: acht ó bhí sé féin go dúthrachtach, d’imthigh sé chugaibh d’á thoil féin. 18 Agus atáimíd ag cur bráthar i n‐éinfheacht leis, fear go bhfuil a dhéightheist san tsoiscéal leathta ar fud na n‐eaglais uile: 19 agus ní h‐é sin amháin é, acht gur thogh na h‐eaglaisí é chum bheith mar chomráda bóthair againn i dtaobh an ghrása so atá d’á fhriotháileamh againn chum glóire an Tighearna, agus chum ár ndeagh‐thoil do chur i n‐umhail: 20 g‐á sheachaint go mbéadh aon locht le fágháil orainn i dtaobh na flúirse atá le dáileamh againn: 21 óir is mian linn gach nidh do dhéanamh go h‐onórach, ní h‐é amháin i bhfiadhnaise Dé, acht i bhfiadhnaise na ndaoine. 22 Agus atáimíd ag cur ár mbráthar i n‐éinfheacht leo, fear atá dearbhtha go minic againn bheith níos dúthrachtaighe ’n‐a lán neithe, agus bheith níos dúthrachtaighe ná sin anois, mar gheall ar an muinighin mhóir atá aige asaibh‐se. 23 I dtaobh Thítuis, is é mo chómhpháirtidhe agus mo chómhoibrightheoir ’n‐bhur dtaobh‐sa é: agus maidir le n‐ár mbráithribh, is iad abstail na n‐eaglais iad, glóir Chríost. 24 Tabhraidh dhóibh, mar sin, dearbhadh bhur ngrádha i bhfiadhnaise na n‐eaglais, agus dearbhadh an mhaoidhmheachais do‐ghnímíd asaibh. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society