Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 21:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 agus dúirt: “Deirim libh go dearfa, chuir an bhaintreach bhocht seo níos mó isteach ná cách eile;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus dúirt sé, “Déanta na fírinne, is mó atá curtha isteach ag an mbaintreach bhocht seo ná a bhfuil curtha isteach acu uile le chéile;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus dubhairt sé: Deirim libh go fírinneach, gur mó a chuir an bhaintreabhach bhocht seo isteach ná iad uilig.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus adubhairt sé, Go fírinneach adeirim libh, Is mó do chuir an bhaintreabhach bhocht so isteach ’ná iad‐san uile:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus a dubhairt sé, A deirim ribh go firinneach, gur ab mó do chuir an bhainibhach bhochdsa ann cách uile:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, do chuir an bhaintreach bhocht san níos mó isteach ’ná mar a chuir an chuid eile go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 agus dúirt: “Deirim libh go dearfa, chuir an bhaintreach bhocht seo níos mó isteach ná cách eile;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 21:3
13 Tagairtí Cros  

Deirim libh go dearfa, ceapfaidh sé os cionn a mhaoine go léir é.


Agus chonaic sé baintreach dhealbh ag cur dhá leathfheoirling ann,


óir is cuid den iomarca a bhí acu a chuir siad siúd uile isteach sna hofrálacha chun Dé, ach chuir sise isteach as a huireasa a raibh den saol aici.”


Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí mblian agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir,


Ach deirim libh go dearfa, tá cuid dá bhfuil anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu.”


Ansin thosaigh Peadar ag labhairt: “Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile


“Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Pioláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duitse é a ungadh,


Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí