acht do mheasadar gur ’n‐a gcuideachtain do bhí sé, agus do‐rinneadar aistear lae; agus do bhíodar g‐á lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais;
Lúcás 2:45 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus nuair nach bhfuaradar é d’fhilleadar go h‐Iarúsalem, g‐á lorg. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus nuair a theip orthu a fháil, dʼfhill siad go hIarúsailéim ar a thuairisc. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus mar nach bhfuair siad é, phill siad go h-Ierusalem ar a lorg. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan nach bhfúaradar é, do fhilleadar arís go Híarusaléim, dhá iarruigh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach ní bhfuaradar é, agus d’fhilleadar go Ierúsalem, ’ghá lorg. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus nuair nach bhfuair siad é, chuaigh siad ar ais go hIarúsailéim dá lorg. An Bíobla Naofa 1981 agus nuair nach bhfuair siad é, chuaigh siad ar ais go Iarúsailéim á lorg. |
acht do mheasadar gur ’n‐a gcuideachtain do bhí sé, agus do‐rinneadar aistear lae; agus do bhíodar g‐á lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais;
Agus tharla, tar éis trí lá, go bhfuaradar é sa teampall ’n‐a shuidhe i measc na n‐ollamh, ag éisteacht leo agus ag cur ceisteann ortha: