Agus ar n‐a fheiesin sin dóibh, d’inniseadar a ndubhradh dhóibh i dtaobh an leinbh sin.
Lúcás 2:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus gach a gcuala é do bhí iongnadh ortha fá na neithibh d’innis na h‐aodhairí dhóibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus níl duine dár chuala nach raibh iontas air faoi ar inis na haoirí dóibh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus na h-uile dhaoine dár chuala, bhí iongantas ortha fá na neithe a d’innis na h-aodhairí dóibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus na huile dháoine da gcúalidh so do ghabh iongantus íad fá na neitheibh a dubhradar na háodhairidhe ríu. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus gach ar airigh iad, dheineadar iongna de sna neithe a dh’innis na h-aodhairí dhóibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus cách a chuala, bʼionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo. An Bíobla Naofa 1981 Agus cách a chuala, b'ionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo. |
Agus ar n‐a fheiesin sin dóibh, d’inniseadar a ndubhradh dhóibh i dtaobh an leinbh sin.
Acht do choimhéad Muire na neithe sin go h‐iomlán, ag machtnamh ortha ’n‐a croidhe istigh.
Agus do bhí a athair agus a mháthair ag déanamh ionganta de na neithibh adubhradh ’n‐a thaobh;
agus ba mhór an t‐iongnadh do bhí ortha‐san do bhí ag éisteacht leis, a mheabhair agus na freagraí thug sé.
Agus do ghabh uathbhás iad uile, agus do bhíodar ag labhairt le chéile, g‐á rádh, Cad is ciall do’n chainnt seo? óir is le h‐ughdáras agus le cumhacht do‐bheir sé órdú do na spioraidibh neamh‐ghlana, agus tigeann siad amach.