Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:36 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Agus do ghabh uathbhás iad uile, agus do bhíodar ag labhairt le chéile, g‐á rádh, Cad is ciall do’n chainnt seo? óir is le h‐ughdáras agus le cumhacht do‐bheir sé órdú do na spioraidibh neamh‐ghlana, agus tigeann siad amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

36 Agus bhí iontas agus uafás orthu uile go léir, agus dúirt siad le chéile, “Cad é an sórt briathair é seo? Mar ordaíonn sé go húdarásach cumhachtach do na spridí neamhghlana, agus tagann siad amach.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

36 Agus tháinic crith-eagla ortha go léir, agus bhíodh siad ag cómhrádh le n-a chéile, ag rádh: Cad é seo mar bhriathar, óir bheir sé órdughadh do na spioraid neamhghlana le cumhacht agus neart, agus téigheann siad amach?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

36 Agus do ghabh crith cách uile, agus do labhradar ré chéile, ag rádh, Créud é an níse! go náithingheann sé do na spiorádaibh go neamhghlana lé cumhachdaibh agus lé neart, agus go dtigid siad a mach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Agus tháinig crith-eagla ar na daoine go léir, agus bhiodar ag caint eatartha féin, agus deiridís: Cad é seo mar bhriathar, go smachtuigheann sé le cómhacht agus le neart na h-annspridí neamhghlana, agus go n-imthíghid siad amach?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

36 Agus bhí alltacht ar cách agus bhí siad ag caint eatarthu féin ag rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

36 Agus bhí alltacht ar chách agus bhí siad ag caint eatarthu féin a rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:36
10 Tagairtí Cros  

Agus nuair do cuireadh amach an deamhan, do labhair an balbhán: agus do‐rinne na sluaighte iongnadh dhe, agus deiridís, Ní facthas a leithéid sin riamh i nIsrael.


Agus tháinig uathbhás ortha uile agus d’fhiafruigheadar díobh féin, Créad é seo? teagasc úr‐nua! cuireann sé smacht go h‐ughdarásach ar na spioraidibh neamh‐ghlana féin, agus géilleann siad dó.


Agus do bhí iongnadh an‐mhór ortha, agus adubhradar, Do‐rinne sé gach uile nidh go maith: do‐bheir sé éisteacht do bhodhránaibh, agus cainnt do bhalbhánaibh.


Agus gach a gcuala é do bhí iongnadh ortha fá na neithibh d’innis na h‐aodhairí dhóibh.


agus do‐rinneadar iongnadh d’á theagasc, de bhrigh gur labhair sé as cainnt ughdarásaigh.


atá ar dheasláimh Dé, tar a éis dó dul isteach ins na flaitheasaibh; na h‐aingle, agus na h‐ughdaráis, agus na cumhachta bheith curtha fá n‐a cheannas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí