Lúcás 12:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Go fírinneach adeirim libh, go gcuirfidh sé é i bhfeighil a bhfuil aige. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Deirim libh go fíor go gcuirfidh sé os cionn a bhfuil aige é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Deirim libh go fírinneach, go gcuirfidh sé ós cionn a bhfuil aige é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Go fírinneach a deirim ribh, Go gcuirfe sé ós cionn a bhfuill aige é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Deirim libh go fíor go gcuirfidh sé os cionn a choda go léir é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Deirim libh go dearfa, ceapfaidh sé os cionn a mhaoine go léir é. An Bíobla Naofa 1981 Deirim libh go dearfa, ceapfaidh sé os cionn a mhaoine go léir é. |
Adubhairt a thighearna leis, Go maith, a shearbhónta chóir, dhílis: do bhís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin thú: téir isteach i n‐aoibhneas do thighearna.
Is aoibhinn do’n tseirbhíseach úd go bhfaighidh a thighearna g‐á dhéanamh nuair thiocfas sé.
Acht má deir an seirbhíseach úd ’n‐a chroidhe istigh, Is fada atá mo thighearna gan teacht; agus go dtosnóchaidh sé ar na buachaillí agus ar na cailíní aimsire do bhualadh, agus ar bheith ag ithe agus ag ól, agus ar bheith ar meisce;
cómhairlighim duit ór do h‐ath‐bhruithneadh i dteinidh do cheannach uaim‐se, chum go mbéidh tú saidhbhir, agus éadaighe geala chum clúdach do chur ort féin, chum nach bhfeicfear náire do lomnochtachta; agus ungadh le cuimilt ar do shúilibh, chum go bhfeicidh tú.