Lúcás 12:41 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Peadar, A Thighearna, an dúinne atáir ag innsint na samhlaoide seo nó do chách? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Arsa Peadar leis, “A Thiarna, an dúinne nó an don uile dhuine atá tú ag insint an fháithscéil seo?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Peadar leis: A Thighearna, an linne a deir tú an fáithscéal seo, nó le gach aoinneach mar an gcéadna? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Peadar ris, A Thighearna, an linne a deir tú an chosamhlachd so, nó fós ré cach uíle? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Peadar leis: A Thighearna, an linne atá an chaint sin agat ’á rádh, nó leis na daoine go léir? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Peadar ansin: “A Thiarna, an linne atá tú ag tagairt an pharabail seo, nó le cách eile chomh maith?” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Peadar ansin: “A Thiarna, an linne atá tú ag tagairt an pharabail seo, nó le cách eile chomh maith?” |
Tháinig sé annsin agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, agus adubhairt sé le Peadar, A Shíomóin, an id’ chodhladh atáir‐se? An amhlaidh nár fhéadais faire aon uaire amháin do dhéanamh?
Agus an seirbhíseach úd ag a raibh fios tola a thighearna, agus nach ndearna aon ullmhú, agus nach ndearna de réir a thola, geobhfar go trom air;
acht an té úd nach raibh a fhios aige, agus do‐rinne neithe do thuill bualadh, geobhfar air‐sean go h‐éadtrom. Agus an té d’á dtugadh mórán, éileochar mórán air: agus an té gur fágadh mórán ar a chúram aige, iarrfar breis air.
Acht atá deireadh gach éinnidh i gcómhgar: bidhidh céillidhe d’á bhrigh sin, go h‐aireach ’n‐bhur n‐urnaighthibh.
Bidhidh stuamdha, bidhidh ar bhur n‐aire; bíonn bhur n‐áidhbheirseoir, an diabhal, ag siubhal thart timcheall mar leomhan búirfeadhach ar thóir an té fhéadas sé a shlugadh.