Agus cibé duine nach nglacfaidh sibh, nó nach n‐éistfidh le n‐bhúr mbriathraibh, ag imtheacht as an tigh, nó as an gcathair sin daoibh, crothaidh an luaithreadh de bhúr gcosaibh.
Lúcás 10:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht cibé cathair ’n‐a rachaidh sibh isteach, agus nach nglacfar sibh, téighidh amach ar shráidibh na cathrach, agus abraidh, Luaithreadh bhúr gcathrach féin ghreamhuigheas d’ár gcosaibh, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach nuair a théas sibh isteach i mbaile agus a bhíos doicheall orthu romhaibh, imígí amach i lár a shráideanna agus abraigí os ard, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus cibé cathair ina rachaidh sibh isteach agus nach bhfáilteochaidh siad rómhaibh, ag dul amach ar a sráideacha díbh, abraigidh: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus gibh bé cathair ann a rachtáoi a sdeach, agus nach géubhuid siád sibh, ar nimtheachd dáoibh amach ar na sraídibh, abruidh, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach pé cathair n-a raghaidh sibh isteach inti agus ná glacfar sibh, téighidh amach ar shráidibh na catharach san agus abraidh: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus nach nglacfar sibh, téigí amach ar na sráideanna agus abraigí: An Bíobla Naofa 1981 Ach cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus nach nglacfar sibh, téigí amach ar na sráideanna agus abraigí: |
Agus cibé duine nach nglacfaidh sibh, nó nach n‐éistfidh le n‐bhúr mbriathraibh, ag imtheacht as an tigh, nó as an gcathair sin daoibh, crothaidh an luaithreadh de bhúr gcosaibh.
croithimís dínn é ’n‐bhúr n‐aghaidh: acht cheana, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríoghacht Dé druidthe libh.
agus leigheasaidh na daoine breoite sa gcathair sin, agus abraidh leo, Atá ríoghacht Dé druidthe libh.
Agus cibé daoine nach nglacfaidh chuca sibh, ag imtheacht as an gcathair sin daoibh, crothaidh an luaithreadh de bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n‐a n‐aghaidh.
Acht do chrothadar‐san luaith a gcos ’n‐a gcoinnibh, agus thángadar go h‐Icónium.
Agus nuair do chuireadar ’n‐a choinnibh, ag cainnt go masluightheach, do chroth sé a chuid éadaigh, agus adubhairt sé leo, Ar bhúr gceann féin go raibh bhúr gcuid fola; atáim‐se glan: as so amach rachfad chum na gCineadhach.