Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 1:51 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Do‐rinne sé móir‐ghníomh le neart a láimhe: Do scaip sé lucht intinne an uabhair.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Thaispeáin sé an neart atá ina ghéag. Scaip sé an dream a mbíonn an t‑uabhar i smaointe a gcroíthe.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

D’oibir sé cumhacht le n-a láimh; scaip sé lucht an díomais i sotal a gcroidhe.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Do rinne sé gníomh láidir lé na láimh; do spréigh sé na dáoine úraibhreacha a smúaintighe a gcroidheadh féin.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

D’oibrigh sé cómhacht le n-a láimh; do sgaip sé lucht an uabhair ’n-a gcroidhe agus ’n-a n-aigne.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Thaispeáin sé neart a láimhe: scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Thaispeáin sé neart a láimhe: scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.

Féach an chaibidil



Lúcás 1:51
32 Tagairtí Cros  

ar mhodh go bhfuilid gan leithscéal: de bhrigh, nuair bhí eolas aca ar Dhia, nach dtugadar glóir dó mar Dhia, ná nach dtugadar buidheachas dó; act gur éirigheadar baoth n‐a smaointibh; agus gur dorchuigheadh a gcroidheacha dith‐céillidhe.


bíonn samhlaidheacht, agus gach árd‐aidhm chuireas i n‐aghaidh eolais Dé d’á leagadh againn, agus gach smaoineadh d’á chur fá smacht na h‐umhlachta do Chríost;


Ar an gcuma chéadna, cuireadh an t‐aos óg iad féin fá cheannas na seanóir. Bíodh an umhlacht mar chlúdach oraibh, óir cuireann Dia i n‐aghaidh na n‐uaibhreach, acht do‐bheir sé grása do na h‐umhlaibh.


Ar an adhbhar sin, san aon lá amháin, tiocfaidh a pláigheanna, an bás, agus an brón, agus an gorta; agus dóighfear í ar fad le teinidh, óir is láidir é an Tighearna Dia thug breitheamhnas uirthi.