Acht do labhair Íosa leo ar an láthair, agus adubhairt sé, Bíodh meisneach agaibh; is mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh.
Lúcás 1:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt an t‐aingeal léi, Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuarais grás ó Dhia. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt an t‑aingeal léi, “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, mar tá gnaoi ag Dia duit. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt an t-aingeal léi: Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú grásta i láthair Dé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt an taineal ría, Ná bíodh eagla ort, a Mhuire: óir fúair tú grása ó Dhía. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt an t-aingeal léi: Ná glac eagla, a Mhuire, óir tá grásta fághalta agat i láthair Dé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt an t-aingeal léi: “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia. An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt an t‑aingeal léi: “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia. |
Acht do labhair Íosa leo ar an láthair, agus adubhairt sé, Bíodh meisneach agaibh; is mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh.
Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé leis na mnáibh, Ná bíodh aon eagla oraibh: tá a fhios agam go bhfuil sibh ar lorg Íosa, an té do céasadh.
Acht adubhairt an t‐aingeal leis, Ná bíodh eagla ort, a Shachariais: óir do h‐éisteadh led’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean Elisabet mac duit, agus glaodhfair Eoin mar ainm air.
Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir is é toil bhúr nAthar an ríoghacht do thabhairt daoibh.
lem’ ais anoct, g‐á rádh, Ná bíodh eagla ort, a Phóil; caithfidh tú seasamh i láthair Chéasair: agus féach, atá anamanna na ndaoine uile atá ar an luing bronnta ag Dia ort.
Créad adéarfaimíd annsin i dtaobh na neithe sin? Má tá Dia i bpáirt linn, cia bhéas ’n‐ár n‐aghaidh?
D’á bhrigh sin tig linn a rádh gan eagla, Is é an Tighearna mo chongantóir; ní bhéidh eagla orm: Créad atá ar chumas an duine do dhéanamh dhom?