Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 1:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

ag triall ar mhaighdin do bhí luaidhte le fear darbh ainm Seosamh, duine de shliocht Dáibhi; agus Muire ab ainm do’n mhaighdin.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

chuig ógh a raibh lámh is focal idir í agus fear de theaghlach Dháibhí arbh ainm dó Iósaf; agus is Muire an t‑ainm a bhí ar an ógh sin.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Chuig óigh a bhí luaidhte le fear, arbh ainm dó Ióseph, de theaghlach Dháibhidh; agus ba Muire ainm na h-óighe.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Dionnsuighe óighe ar a raibh ceart ag fear do thigh Dháibhí, dár aínm Ióseph; agus do bé do bainm do nóigh, Muire.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

ag triall ar mhaighdin a bhí luaidhte le fear dar bh’ainim Ióseph, agus Muire ab ainim do’n mhaighdin.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus ba é ab ainm don mhaighdean, Muire.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus b'é ab ainm don mhaighdean, Muire.

Féach an chaibidil



Lúcás 1:27
9 Tagairtí Cros  

agus do ghein Mattán Iácób; agus do ghein Iácób Seosamh, fear Mhuire, ó n‐ar geineadh Íosa d’á ngoirthear Críost.


Agus mar so is eadh tharla geineamhain Íosa Críost. Iar mbeith d’á mháthair, Muire, luaidhte le Seosamh, sara dtángadar le chéile, frith go raibh sí torrach ó’n Spiorad Naomh.


Féach, béidh maighdean torrach, agus béarfaidh sí mac, Agus do‐bhéarfar Emmanuel mar ainm air, ainm chialluigheas, Dia linn.


Agus tháinig sé chúichi isteach, agus adubhairt sé léi, Go mbeannuighthear duit‐se atá lán de ghrása, atá an Tighearna id’ fhochair.