agus má tá tú dearbhtha go bhfuilir féin id’ threoraidhe do lucht daille, id’ sholas do’n dream atá i ndorchadas,
Filéamón 1:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Toisc muinighin bheith agam as d’umhlacht is eadh atáim ag scríobhadh chugat, agus a fhios agam go ndéanfair thar mar deirim. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Táim ag scríobh chugat mar seo agus iontaoibh agam asat go dtabharfaidh dʼumhlacht ort nios mó a dhéanamh ná tá iarrtha agam ort. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do sgríobh mé chugad, ar mbeith dhamh munighneach as húmhlachd, ar mbeith a fheasa agam go ndéuna tú ní sa mhó ná mar a deirim. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus mé dá scríobh seo táim cinnte go ndéanfaidh tú rud orm; ní hea, ach tá a fhios agam go ndéanfaidh tú thar mar a deirim. An Bíobla Naofa 1981 Agus mé á scríobh seo táim cinnte go ndéanfaidh tú rud orm; ní hea, ach tá a fhios agam go ndéanfaidh tú thar mar a deirim. |
agus má tá tú dearbhtha go bhfuilir féin id’ threoraidhe do lucht daille, id’ sholas do’n dream atá i ndorchadas,
Agus chuige sin is eadh do scríobhas an méid seo chugaibh, ar eagla, ar dteacht dom, go bhfaighinn doilgheas uatha‐san go mba cheart go mbéadh bród orm ’n‐a dtaobh; ó thárla muinighin bheith agam asaibh go léir, gur ab é mo bhród‐sa bród gach duine agaibh.
Agus atáimíd ag cur ár mbráthar i n‐éinfheacht leo, fear atá dearbhtha go minic againn bheith níos dúthrachtaighe ’n‐a lán neithe, agus bheith níos dúthrachtaighe ná sin anois, mar gheall ar an muinighin mhóir atá aige asaibh‐se.
Atá muinighin agam asaibh san Tighearna, nach mbéidh sibh ar athrú intinne: acht an té atá ag d éanamh buaidheartha dhaoibh, iomcharfaidh sé a bhreitheamhnas, cibé cia h‐é féin.
Agus atá muinighin againn as an Tighearna ’n‐bhur dtaobh, go bhfuil sibh ag déanamh na neithe órduighmíd, agus go ndéanfaidh sibh iad.