2 Corantaigh 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Acht im’ thaobh‐sa, do ceapas im’ aigne nach dtiocfainn chugaibh fá dhoilgheas. 2 Óir má chuirim doilgheas oraibh, cia h‐é fhéadas soilgheas do thabhairt dom munab é an té sin ar chuireas doilgheas air? 3 Agus chuige sin is eadh do scríobhas an méid seo chugaibh, ar eagla, ar dteacht dom, go bhfaighinn doilgheas uatha‐san go mba cheart go mbéadh bród orm ’n‐a dtaobh; ó thárla muinighin bheith agam asaibh go léir, gur ab é mo bhród‐sa bród gach duine agaibh. 4 Óir is fá bhuaidhirt mhóir agus fá dhoilgheas croidhe do scríobhas chugaibh le frasaibh deor, ní chum doilgheas do chur oraibh, acht chum go dtuigfeadh sibh méid an ghrádha atá agam daoibh. 5 Acht má tháinig doilgheas de chionn duine ar bith, ní h‐orm‐sa tháinig sé, acht tháinig cuid de (gan luighe ro‐throm) oraibh go léir. 6 Is leor do’n té úd an pionós fuair sé ó’n bhfurmhór; 7 ionnas ’n‐a ionad sin, gur mhó ba chóir daoibh maitheamhnas agus sólás do thabhairt dó, ar eagla go sloigfidhe an té úd le h‐iomarca doilghis. 8 Uime sin athchuinghim oraibh bhur ngrádh do dhearbhadh dhó. 9 Óir chuige sin is eadh do scríobhas, chum go mbéadh a fhios agam, mar thastáil oraibh, an bhfuil sibh umhal san uile nidh. 10 Cibé duine go dtugann sibh maitheamhnas dó, do‐bheirim‐se maitheamhnas dó, leis, mar, má tá rud ar bith maithte agam, is ar bhur son‐sa atá sé maithte agam i láthair Chríost; 11 ar eagla go mbéadh buaidh ag Sátan orainn; óir ní fhuilmíd gan eolas ar a shlighthibh. 12 Anois nuair thángas go Tróas ar son soiscéil Chríost, gidh gur fhoscail an Tighearna doras rómham, ní raibh suaimhneas ar mo spiorad, 13 toisc nach bhfuaras mo bhráthair Títus: acht d’fhágas slán aca agus d’imthigheas go dtí an Mhaiceadóin. 14 Acht buidheachas le Dia, threoruigheas go buadhach i gCríost sinn i gcómhnaidhe, agus scaipeas san uile áit tré n‐ár lámhaibh an chumhracht thig ó eolas air. 15 Óir is sinne deagh‐chumhracht Chríost ar son Dé do’n dream atá d’á slánú, agus do’n dream atá d’á ndamnú; 16 do dhream amháin cumhracht ó bhás chum báis, agus do’n dream eile cumhracht ó bheathaidh chum beathadh. Agus cia an duine atá oireamhnach le h‐aghaidh na neithe sin? 17 Óir ní mar an mhór‐chuid bhímíd, ag truailliú Briathair Dé: acht labhraimíd i gCríost le fíre, mar bhéadh ó Dhia, i bhfiadhnaise Dé. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society