Ansan do strac an t-árdshagart a cuid éadaigh, agus dubhairt: Tá diamhasla déanta aige; cad is gádh dhúinn a thuille fínnithe? Féach, anois do chloiseabhair an diamhasla:
Matha 9:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, dubhairt cuid des na sgríbhneóiríbh, ’n-a n-aigne féin: Tá diamhasladh ag an bhfear so d’á dhéanamh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bʼshiúd cuid de na scríobhaithe ag rá ina n‑intinn féin, “Tá an fear seo ag caitheamh masla ar Dhia.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, dubhairt cuid de na Scríobhaidhthe leo féin: Tá diamhasla dá dhéanamh aige seo. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, adubhairt cuid de na scríobhaidhthibh ’n‐a n‐aigne féin, Atá sé sin ag dia‐mhasladh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, a dubhradar cuid airighe dona sgríobaighibh ionta féin, Atá an fearso a labhairt blaspheime. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Leis sin, dúirt cuid de na scríobhaithe leo féin: “Sin diamhasla dó.” An Bíobla Naofa 1981 Leis sin, dúirt cuid de na scríobhaithe leo féin: “Sin diamhasla dó.” |
Ansan do strac an t-árdshagart a cuid éadaigh, agus dubhairt: Tá diamhasla déanta aige; cad is gádh dhúinn a thuille fínnithe? Féach, anois do chloiseabhair an diamhasla:
Óir do dhein sé an teagasg mar a dhéanfadh duine go raibh cómhacht aige, murar bh’ionan agus na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh.
D’airigheabhair an diamhasla: cad a chítear daoibh? Agus dubhradar go léir go raibh bás tuillte aige.
Go deimhin adeirim libh, maithfar do’n chine daona gach peacadh agus gach diamhasla d’á ndéanfaid siad;
Ach an t-é a dhéanfaidh diamhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maitheamhnachas go deó aige le fághail, ach beidh sé ciontach i bpeacadh shíoruidhe.
Óir is ó’n dtaobh istigh, amach a’ croidhe an duine, a thagann droch-smuínte, agus adhaltranas, agus gníomhartha drúise, agus dúnmharbhadh,
Agus do chrom na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ar mhachtnamh, agus ar a rádh: Cad é mar dhuine é seo a labhrann diamhasla? Cé fhéadann peacaí do mhaitheamh ach Dia amháin?