Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 7:29 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Óir do dhein sé an teagasg mar a dhéanfadh duine go raibh cómhacht aige, murar bh’ionan agus na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

29 mar bhíodh sé á dteagasc mar dhuine a raibh údarás aige, ní ionann is na scríobhaithe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

29 Óir bhí sé ghá dteagasc mar neach a mbéadh cumhacht aige, agus níorbh ionann agus a Scríobhaidhthe agus a bhFairisínigh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 óir do theagaisc sé iad amhail duine ag a raibh ughdarás, munarbh ionann agus na scríobhaidhthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Oír do thegaisg sé íad mar neach agá raibh cumhachda, agus ní mar na sgríobuighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

29 dá dteagasc a bhí sé mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus a scríobhaithe féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

29 á dteagasc a bhí sé mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus a scríobhaithe féin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 7:29
23 Tagairtí Cros  

Agus tháinig Íosa agus do labhair sé leó, agus dubhairt: Do tugadh dómh-sa gach cómhacht ar neamh agus ar talamh.


Óir deirim libh mura mbeidh bhur bhfíoraontacht-sa níos lionmhaire ’ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.


Ach deirim-se libh, an t-é fhéachfaidh ar mhnaoí le dúil sa droch-ghníomh, go bhfuil peacadh an adhaltranais déanta cheana aige léi i n-a chroidhe féin.


Ach de rim-se libh, aoinne a chuirfidh uaidh a bhean phósta, ach mar gheall ar adhaltranas amháin, go gcuireann se i dtreó í chun adhaltranais a dhéanamh, agus an t-é a ghlacfaidh mar chéile an bhean díbeartha deineann sé adhaltranas.


Ach deirim-se libh-se: Bíodh grádh agaibh d’bhúr namhdaibh; deinidh maith do’n mhuintir a thugann fuath dhaoibh; agus deinidh guidhe ar son na muintire a dheineann crádh agus tromaidheacht oraibh.


Agus do thárla nuair a bhí an chaint sin críochnuighthe ag Íosa go raibh na daoine ag déanamh iongna d’á theagasg.


Ansan nuair a tháinig sé anuas ó’n gcnoc do lean sluaighte móra é.


Agus dubhairt Íosa leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.


Óir tabharfad-sa dhaoibh béal agus eagna ná féadfaid bhúr namhaid go léir cur ’n-a gcoinnibh ’ná labhairt ’n-a gcoinnibh.


Agus ní rabhdar ábhalta ar sheasamh i n-aghaidh na h-eagna agus i n-aghaidh na spioraide le n-a labhrad sé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí