Agus d’iarr na deamhain achainighe air: Má chuireann tú as so sinn, ar siad, cuir ins na mucaibh sinn.
Matha 8:32 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Imthighidh. Agus d’imthigheadar isteach ins na mucaibh, agus féach, do rith an tréad muc ar buile le fánaidh isteach sa bhfaraige, agus do báthadh iad. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé leo, “Amach libh.” Tháinig siadsan amach mar sin agus isteach sna muca leo; agus bʼshiúd an tréad uile go léir ag dul de ruathar síos na farragáin amach san fharraige, gur bádh san uisce iad. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé leo: Imthighigidh. Agus ar imtheacht amach dóibh, chuaidh siad isteach ins na muca; agus féach, rith an tréad uilig de dhearg-ruathar síos fánaidh isteach san fhairrge, agus cailleadh san uisce iad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt seisean leo, Imthighidh. Agus tháinig siad amach, agus do chuaidh siad isteach ins na mucaibh: agus féach, do rith an tréad uile le fánaidh síos isteach sa bhfairrge, agus do bádhadh iad san uisce. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seisean ríu, Imthighe. Agus ar nimtheachd dóibh, do chúadar ann so tréud uile do nail a ndiáigh a gcinn sa bhfairge, agus fuáradar bás ann sna huisgidhibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo: “Amach libh.” Tháinig siad amach agus isteach leo sna muca, agus seo an tréad ar fad ina ruathar le fána isteach sa bhfarraige gur cailleadh san uisce iad. An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo: “Amach libh.” Tháinig siad amach agus isteach leo sna muca, agus seo an tréad ar fad ina ruathar le fána isteach san fharraige gur cailleadh san uisce iad. |
Agus d’iarr na deamhain achainighe air: Má chuireann tú as so sinn, ar siad, cuir ins na mucaibh sinn.
Agus do rith na h-aodhairí; agus thánadar isteach sa chathair, agus d’innseadar gach nídh, agus i dtaobh na beirte go raibh na deamhain ionta.
Agus thug Íosa an achainíghe dhóibh láithreach. Agus d’imthig na deamhain shalacha amach agus chuadar isteach ins na mucaibh, agus do ghluais na muca, suas le dh’á mhíle acu, i ndiaidh mhullach a gcinn, isteach sa bhfaraige agus do báthadh iad sa bhfaraige.
Ansan d’imthigh na deamhain as an nduine agus chuadar isteach ins na mucaibh, agus do ghluais an tréad, le buile, ar mhullach a gcinn isteach sa loch agus do báthadh iad.
Do tugadh an duine sin a’ cómhairle chinnte agus a’ roimheólus Dé, agus do dheineabhairse é chéasadh chun bháis le lámaibh na gcuirptheach.
Agus dheineadar an nídh a cinneadh ó d’láimh agus ó d’chómhairle féin a dhéanamh.