Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Agus adubhairt seisean leo, Imthighidh. Agus tháinig siad amach, agus do chuaidh siad isteach ins na mucaibh: agus féach, do rith an tréad uile le fánaidh síos isteach sa bhfairrge, agus do bádhadh iad san uisce.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 Agus dúirt sé leo, “Amach libh.” Tháinig siadsan amach mar sin agus isteach sna muca leo; agus bʼshiúd an tréad uile go léir ag dul de ruathar síos na farragáin amach san fharraige, gur bádh san uisce iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Agus dubhairt sé leo: Imthighigidh. Agus ar imtheacht amach dóibh, chuaidh siad isteach ins na muca; agus féach, rith an tréad uilig de dhearg-ruathar síos fánaidh isteach san fhairrge, agus cailleadh san uisce iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Agus a dubhairt seisean ríu, Imthighe. Agus ar nimtheachd dóibh, do chúadar ann so tréud uile do nail a ndiáigh a gcinn sa bhfairge, agus fuáradar bás ann sna huisgidhibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Agus dubhairt sé leó: Imthighidh. Agus d’imthigheadar isteach ins na mucaibh, agus féach, do rith an tréad muc ar buile le fánaidh isteach sa bhfaraige, agus do báthadh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 Dúirt sé leo: “Amach libh.” Tháinig siad amach agus isteach leo sna muca, agus seo an tréad ar fad ina ruathar le fána isteach sa bhfarraige gur cailleadh san uisce iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

32 Dúirt sé leo: “Amach libh.” Tháinig siad amach agus isteach leo sna muca, agus seo an tréad ar fad ina ruathar le fána isteach san fharraige gur cailleadh san uisce iad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:32
10 Tagairtí Cros  

Agus d’iarr na deamhain d’athchuinghe air, Má chaitheann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn.


Agus do theich na buachaillí, agus do chuadar isteach sa gcathair, agus d’inniseadar gach aon nidh, agus i dtaobh ar éirigh dhoibh‐sean ’n‐a raibh na deamhain.


Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na spioraide neamh‐ghlana amach, agus do chuadar isteach ins na mucaibh; agus do rith an tréad de ruathar síos le fánaidh isteach sa bhfairrge, fá thuairim míle dhíobh do bhí ann; agus do báthadh iad sa bhfairrge.


Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na deamhain amach as an duine, agus do chuadar isteach ins na mucaibh: agus do rith an tréad de ruathar le fánaidh síos isteach sa bhfairrge, agus do bádhadh iad.


tugadh suas é de réir cómhairle cinnte agus réimh‐eolais Dé, agus do chrochabhair‐se agus do mharbhabhar é le láimh cuirptheach:


d’ungais‐se, ag déanamh gach ar cheap do lámh agus do chómhairle roimh ré a thabhairt chum críche.


Agus nuair bhéas deireadh leis an míle bliadhain, scaoilfear Sátan as a phríosún,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí