Ná tugaidh an nídh naomhtha dos na madraíbh; agus na caithidh bhúr bpéarlaí chun na muc, le h-eagla go ngeóbhaidís do chosaibh ionta, agus ansan go n-iompóchaidís oraibh agus go stracfaidís sibh.
Matha 8:30 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Bhí tréad mór muc ar fosaidheacht i ngar dóibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois bhí tréad mór muc ag innilt tamall uathu. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus i ngar dóibh bhí tréad mór muc ag ingheilt. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is amhlaidh do bhí tréad mór muc ag fosaidheacht i bhfad uatha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí sealbh mhór mac a bhfad úatha ag inghilt. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí, achar éigin uathu, tréad mór muc ar féarach, An Bíobla Naofa 1981 Bhí, achar éigin uathu, tréad mór muc ar féarach, |
Ná tugaidh an nídh naomhtha dos na madraíbh; agus na caithidh bhúr bpéarlaí chun na muc, le h-eagla go ngeóbhaidís do chosaibh ionta, agus ansan go n-iompóchaidís oraibh agus go stracfaidís sibh.
Agus féach, do liúghadar agus dubhradar: Cad é sin dúinne thusa, a Íosa, a Mhic Dé? Ar tháinís anso roim an aimsir chun pionóis a chur orainn?
Agus d’iarr na deamhain achainighe air: Má chuireann tú as so sinn, ar siad, cuir ins na mucaibh sinn.
Agus bhí tréad mór muc sa n-áit agus iad ag inníor ar an sliabh, agus d’iarradar air leigint dóibh dul isteach ionta. Agus do leig.