Lasadh bhur solus-sa ar an gcuma san os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfid siad bhúr ngníomhartha fóghanta agus go molfaid siad bhúr n-Athair atá ins na flathais.
Matha 5:48 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Bídhidh-se, d’á bhrígh sin, fíor-mhaith, fé mar atá bhúr n-Athair ins na flathais fíor-mhaith. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Caithfidh an feabhas iomlán a bheith agaibh de réir an fheabhais atá in bhur nAthair neamhaí. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Dá bhrígh sin, bígidh sár-mhaith, díreach mar atá bhur n-Athair neamhdha sár-mhaith. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Caithfidh sibh, d’á bhrigh sin, bheith gan locht, fá mar atá bhúr nAthair neamhdha gan locht. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin bídhidhsi deangmhálta, mar atá bhur Nathair atá air neamh deangmhálta. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe. An Bíobla Naofa 1981 Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe. |
Lasadh bhur solus-sa ar an gcuma san os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfid siad bhúr ngníomhartha fóghanta agus go molfaid siad bhúr n-Athair atá ins na flathais.
Ionus go mbeadh sibh i nbhúr macaibh ag bhúr n-Athair atá ins na flathais, an t-é chuireann a ghrian ag eirighe ar dhaoine, idir olc agus maith, agus chuireann an fhearthainn ag tuitim ortha, idir cheart agus aincheart.
Agus mura ndeinidh sibh-se ach beannú d’bhúr ndrithárachaibh cad í an bhreis a dheineann sibh? Ná deinid na págánaigh féin an méid sin?
Ní’l an deisgiobul os cionn a mháighistir; tá duine go sár-mhaith má tá sé mar atá a mháighistir.