Agus dubhairt Íosa: A Athair, maith dhóibh; óir ní fios dóibh cad ’tá acu ’á dhéanamh. Agus do rainneadar a bhaill éadaigh, ’ghá gcur ar chrannaibh.
Matha 5:44 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach deirim-se libh-se: Bíodh grádh agaibh d’bhúr namhdaibh; deinidh maith do’n mhuintir a thugann fuath dhaoibh; agus deinidh guidhe ar son na muintire a dheineann crádh agus tromaidheacht oraibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é a deirim libh, ‘Bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus bígí ag guí ar son lucht bhur ngéarleanúna, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht deirim-se libh: Grádhuighigidh bhur náimhde: déanaigidh maith dóbhtha sin a bheir fhuath díbh: agus guidhigidh ortha sin a ghní géirleanamhaint agus tromaidheacht oraibh: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) acht adeirim‐se libh, Bíodh grádh agaibh d’bhúr námhdibh, agus guidhidh ar son na ndaoine do‐ghní géir‐leanamhain oraibh; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a deirimsi ribh, Bíodh grádh agaibh dá bhur naímhdibh, beannaighidh na dáoine mhallaigheas sibh, deunaidh maith do na dáoinibh ait ar beag sibh, agus deúnaidh urnaighthe ar son na muinntire bhuaidhreas sibh, agus dhíbreas subh; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach is é a deirim-se libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéar-leantóirí; An Bíobla Naofa 1981 Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí; |
Agus dubhairt Íosa: A Athair, maith dhóibh; óir ní fios dóibh cad ’tá acu ’á dhéanamh. Agus do rainneadar a bhaill éadaigh, ’ghá gcur ar chrannaibh.
Tá aithne nua agam ’á thabhairt daoibh: go mbeadh grádh agaibh d’a chéile; fé mar a thugas-sa grádh dhaoibh-se go dtabharfadh sibh-se grádh d’á chéile.
Do liúigh Pól air, ámhthach, do ghuth árd agus dubhairt sé: Ná dein aon díobháil duit fhéin; táimíd go léir anso.