Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Ollamhuighidh an tslígh do’n Tighearna; deinidh a chasáin do dhíriú dhó.
Matha 3:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir sin é an t-é ar ar labhair Isáias Fáidh nuair adubhairt sé: Guth duine ag glaodhach sa bhfásach, Ollamhuighidh an tslígh do’n Tighearna; deinidh a bhóithre do dhíriú dhó. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar is é sin an té ar labhair an fáidh Ísáia air nuair a dúirt sé, “Glór duine ag glaoch ar an bhfásach: Ullmhaígí slí an Tiarna, dírígí na cosáin roimhe.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir is é seo an té ar labhradh air tré Isaias, fáidh, a dubhairt: Guth duine ag glaodhach san fhásach: Ullmhuighigidh slighe an Tighearna; déanaigidh díreach a chasáin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir is eisean an té úd ar ar labhair Ésáias fáidh, nuair adubhairt se, Guth an té atá ag glaodhach sa bhfásach, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, Déanaidh a chosáin díreach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír a sé so an té úd air ar labhair Isaias faígh, ag radh, Guth an té éimhgheas air an bhfasach, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, déanuidh a chasain díreach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh sa bhfhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.’” An Bíobla Naofa 1981 Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.’ ” |
Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Ollamhuighidh an tslígh do’n Tighearna; deinidh a chasáin do dhíriú dhó.
Agus gluaiseóchaidh sé roimis amach i spioraid agus i gcómhacht Eliais, chun croidhthe na n-athar d’iompáil ar an gclainn, agus chun lucht díthchreidimh d’iompáil chun eagna na bhfíoraon, agus pobul fíoraon d’ollamhú do’n Tighearna.
Agus tusa, a leinbh, tabharfar ort fáidh an Árd-Dhia, óir gluaiseóchair roimis an dTighearna amach ag ollamhú na slighe dhó,
Cad deirir ad’ thaobh féin? Dubhairt sé: Guth duine iseadh mé ag glaodhach sa bhfásach, Deinidh slígh an Tighearna do dhíriú; mar adubhairt Isáias fáidh.